skip to main content

Brící lochtacha: Feisirí Eorpacha Fhine Gael cáinte

Teach a tógadh le brící míoca i gCo Dhún na nGall
Teach a tógadh le brící míoca i gCo Dhún na nGall

Tá a bhfuil molta ag scáthghrúpa polaitíochta i bParlaimint na hEorpa maidir le scannal na mbrící lochtacha cáinte ag an bhFeisire Eorpach Luke Ming Flanagan.

Páirtí Phobail na hEorpa – a bhfuil feisirí Fhine Gael bainteach leis – an scáthghrúpa atá i gceist.

Baineann an scéal leis na leasuithe atá molta ag Páirtí Phobail na hEorpa ar thuarascáil an Choiste Achainí ar Bhrící Lochtacha.

Tá an Feisire Flanagan ag iarraidh ar na feisirí ó Fhine Gael na leasuithe sin a tharraingt siar láithreach.

Tá an tuarascáil bunaithe ar chuairt a thug Feisirí Eorpacha ar thithe i gCo Dhún na nGall.

Dar leis an bhFeisire Flanagan, áfach, gur iarracht atá sna leasuithe seo an tuarascáil a mhaolú.

An chuid sin den tuarascáil a bhaineann le monatóireacht éifeachtúil a dhéanamh ar tháirgí tógála, tá Páirtí Phobail na hEorpa ag moladh é a bhaint amach as agus sin é atá ag dó na geirbe ag an bhFeisire Flanagan.

Dá bhfaighfí réidh leis an mír thábhachtach sin, arsa sé, chuirfeadh sé isteach go mór ar éifeachtacht na tuarascála.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ