skip to main content

Bagairtí, tarcaisní ar líne á bhfulaingt ag 80% de Theachtaí Dála – suirbhé 7LÁ

Imní ar pholaiteoirí Theach Laighean faoi bhagairtí atáthar a dhéanamh orthu ar líne
Imní ar pholaiteoirí Theach Laighean faoi bhagairtí atáthar a dhéanamh orthu ar líne

Bagraíodh ar nó tarcaisníodh ar líne os cionn 80% de Theachtaí Dála le bliain, de réir suirbhé nua atá déanta ag 7LÁ.

70 Teachta Dála a d'fhreagair an ceistneoir agus dúirt 42 díobh (60%) gur bhraith siad go raibh siad faoi bhagairt de bharr an rabhartha tarcaisní a tháinig ina dtreo.

Bhraith 50% díobh go raibh a sábháilteacht phearsanta i mbaol.

Bhain os cionn leath na mbagairtí a rinneadh ar na Teachtaí Dála le ceist na hinimirce, de réir an tsuirbhé.

"Tá drochíde ag teacht ina sruth ar bhonn laethúil ó dhaoine atá i bhfad amach ar an eite dheis," arsa duine de na Teachtaí Dála.

Dúirt an Teachta sin fosta nach bhfuil an mhonatóireacht a dhéanann comhlachtaí meán sóisialta ar a gcuid ardán, nach bhfuil sé sách maith.

32 den 70 Teachta Dála, dúirt siad gur thuairiscigh siad na bagairtí a rinneadh orthu do na Gardaí.

Ag trácht dó ar thorthaí an tsuirbhé, dúirt an Tanáiste Micheál Martin gur "drochscéal ar fad é agus gur ionsaí é ar an gcóras daonlathach".

Thug sé le fios go raibh na Gardaí "ag déileáil go rialta le Tithe an Oireachtais agus an Ceann Comhairle i gcomhthéacs na ceiste sin".

D'iarr muid a dtuairimí ar na Teachtaí Dála fosta faoin chéad olltoghchán eile. Measann 50 díobh go mbeidh olltoghchán ann i mbliana agus tá súil ag a bhformhór dul san iomaíocht arís.

Maidir lena ndáilcheantair féin, dúirt a bhformhór gurb í ceist na tithíochta is mó atá ag déanamh buartha don phobal. Cúrsaí sláinte agus an costas maireachtála is mó atá ag dó na geirbe ag daoine ina dhiaidh sin, a dúirt siad.

Mar leis na reifrinn, dúirt 44 den 70 Teachta Dála (63%) go gcreideann siad go nglacfar leis an reifreann ar an teaghlach. 40 díobh a dúirt go gcreideann siad go nglacfar leis an reifreann ar chúram.

Tá na figiúirí seo ag teacht leis an dearcadh agus le méid na hionadaíochta tríd is tríd atá ag na páirtithe polaitíochta i nDáil Éireann.

Seoladh ceistneoir 7LÁ chuig gach duine den 160 Teachta Dála i mí Eanáir. Iarradh orthu é a fhreagairt idir an 22 Eanáir agus an 4 Márta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ