Tá sé molta ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí RTÉ a chur faoi shainchúram Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste feasta.
Tá an moladh sin ar cheann de bhreis agus fiche moladh atá déanta i dtuarascáil a d'fhoilsigh an coiste inniu maidir le cúrsaí rialachais agus maoirseachta in RTÉ.
Dar leis an gcoiste go bhfuil easnaimh mhóra in RTÉ ó thaobh cúrsaí airgeadais agus rialachais de agus go bhfuil smál fágtha ar an eagraíocht i súile an phobail dá bhíthin sin.
Cáintear sa tuarascáil freisin cuid de nósanna cuntasaíochta RTÉ agus deirtear nach féidir a chur as an áireamh gur in aon turas a d'fhoilsigh an eagraíocht eolas míchruinn faoin méid a íocadh leis an láithreoir Ryan Tubridy.
I dtaca le híocaíochtaí scoir, moltar gan clásail rúndachta a chur feasta i socruithe a dhéanfar le fostaithe atá ag éirí as a gcúram.
Dúirt cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí Brian Stanley go raibh easpa oscailteachta agus freagrachta in RTÉ, go háirithe i dtaobh eolas a thabhairt do bhord na heagraíochta agus d'Aire na Meán.
Tharraing Brian Stanley aird freisin ar ar nochtadh faoin gceoldráma Toy Show The Musical le gairid agus ar "an míbhainistiú" a rinneadh ar stádas roinnt oibrithe i dtaca le hÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ