D'fhreastail na céadta ar chruinniú poiblí i gCo Dhún na nGall aréir faoi fheachtas úr a bhunú ar son cúitimh d'úinéirí tithe a tógadh le brící míoca.
Trí dhream éagsúla a d'eagraigh an cruinniú, mar atá, Grúpa Gnímh Míoca Dhún na nGall, Cúiteamh 100%, agus Grúpaí Fócais Cúitimh.
In Óstán an Ghrianáin ar an Bheart, cuireadh 'Doiciméad an Phobail' i láthair an tslua agus tugadh cuntas ar cheithre bhunphrionsabal a bheidh lucht an fheachtais a éileamh ar an chéad rialtas eile:
- Gach sealús a bheith atógtha mar a bhí agus de réir chaighdeáin an lae inniu
- Cúnamh iomlán ó eagraíocht Stáit le hatógáil tithe a bhainistiú ó thús go deireadh de réir mar is mian leis na húinéirí
- Tacaíocht do gach duine atá buailte ag an scannal agus gan aon duine a fhágáil as an áireamh sa scéim chúitimh
- Gealltanas nach dtarlóidh a leithéid go deo arís agus go gcloífear le caighdeáin oifigiúla tógála feasta.
Insíodh tuilleadh scéalta aréir faoi na deacrachtaí móra atá ag daoine leis an scéim chúitimh reatha agus léiríodh míshástacht ollmhór le Comhairle Contae Dhún na nGall atá ag riar na scéime go háitiúil.
Glacadh le moltaí ón slua agus cuirfear iad san áireamh sa leagan deireanach den doiciméad a thabharfar do pholaiteoirí roimh an 23 Márta.
Tabharfar cuireadh ina dhiaidh sin do na polaiteoirí teacht chuig cruinniú poiblí eile ar an 26 Márta lena dtuairimí a fháil.
Chuir lucht eagraithe an chruinnithe aréir béim mhór ar na toghcháin éagsúla atá le reáchtáil i mbliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ