skip to main content

Terence O'Rourke ceaptha mar chathaoirleach ar Bhord RTÉ

Terence O'Rourke
Terence O'Rourke

Tá an cuntasóir cairte sinsearach Terence O'Rourke ceaptha ag an Rialtas mar chathaoirleach ar Bhord RTÉ.

Phléigh triúr ceannairí pháirtithe an Rialtais an scéal aréir agus dearbhaíodh an ceapachán i gcruinniú Comhaireachta inniu.

Tá Terence O'Rourke ina chathaoirleach cheana féin ar Bhord Soláthair an Leictreachais agus chaith sé seal ina chathaoirleach ar Fhiontraíocht Éireann freisin.

Feidhmeannach sinsearach i gcomhlacht cuntasaíochta KPMG a bhí ann idir 2006 agus 2013 agus chaith sé bliain mar uachtarán ar Institiúid Chuntasóirí Cairte na hÉireann.

De réir a bhfuil ráite faoi ar shuíomh gréasáin Bhord Soláthair an Leictreachais, tá raon leathan scileanna gnó aige agus neart taithí aige ar chúrsaí tráchtála, airgeadais agus straitéise ag an leibhéal is airde in Éirinn agus thar lear.

Is as Inis Caoin i gCo Mhuineacháin ó dhúchas Terence O'Rourke agus is sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a cuireadh oiliúint phroifisiúnta air.

D'éirigh Siún Ní Raghallaigh as mar chathaoirleach ar Bhord RTÉ i ndeireadh na míosa seo caite tar éis d'Aire na Meán Catherine Martin a rá ar Prime Time ar RTÉ gur thug Siún Ní Raghallaigh eolas míchruinn di faoin mbaint a bhí ag an mbord le híocaíochtaí scoir san eagraíocht.

Mar bharr ar an méid sin, dhiúltaigh Catherine Martin a dhearbhú ar Prime Time go raibh muinín aici i gcónaí as Siún Ní Raghallaigh mar chathaoirleach.

I ráiteas a d'eisigh sí inné, mhaígh Siún Ní Raghallaigh gurbh amhlaidh a briseadh as a post í i ndáiríre agus gur chosúil gur ag féachaint lena dea-chlú a mhilleadh a bhíothas.

Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur chreid sé gur chaill Catherine Martin agus Siún Ní Raghallaigh an mhuinín a bhí acu as a chéile.

Thug an Taoiseach le fios freisin nár chreid sé go raibh dea-chlú Shiún Ní Raghallaigh millte de bharr na conspóide.

Ceapadh beirt eile ar Bhord RTÉ inniu chomh maith. Sin iad Terri Moloney, feidhmeannach acmhainní daonna, agus Neasa Hardiman, scannánóir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ