skip to main content

Táille a íoc ar an Dart? Do chomhairle féin, is cosúil ...

Geataí oscailte agus oifig ticéad dúnta i stáisiún Dart i mBaile Átha Cliath
Geataí oscailte agus oifig ticéad dúnta i stáisiún Dart i mBaile Átha Cliath

Is furasta gan táille a íoc sa chuid is mó de stáisiúin Dart i mBaile Átha Cliath agus turas traenach a dhéanamh saor in aisce.

Easpa maoirseachta i stáisiúin bheaga Dart is cúis leis an rogha a bheith ag paisinéirí an táille a íoc nó gan a híoc – bíodh sin d'aon ghnó, de dhearmad nó de mhaoil an bhaige.

Níl aon oifigigh ticéad ar dualgas sna stáisiúin sin agus bíonn na bacainní leictreonacha oscailte níos minice ná a mhalairt. Go deimhin, níl aon bhacainní leictreonacha níos mó i gcuid de na stáisiúin.

Fágann sin gur féidir le paisinéirí dul ar an traein gan íoc agus teacht den traein gan íoc, mar a fuair muid féin amach nuair a rinne muid an turas idir dhá stáisiún ghnóthacha i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Bacainní leictreonacha oscailte

Tá cúig stáisiún eile idir an dá stáisiún sin agus cé go ndearna muid an turas roinnt babhtaí ní fhaca muid aon chigirí ticéad ar an traein.

Ba chóir do phaisinéirí a bhful cárta Leap acu é a theagmháil de mheaisín íocaíochta i dtús agus i ndeireadh a dturais

I ráiteas, dúirt Iarnód Éireann linn gur deacair a mheas cé mhéad duine nach n-íocann an táille ag stáisiúin Dart i mBaile Átha Cliath ach go gceapann siad gur níos lú ná 5% de phaisinéirí atá i gceist.

Dúradh sa ráiteas chomh maith go gcoinnítear bacainní leictreonacha oscailte ar na saolta seo le haghaidh daoine a bhfuil pasanna saorthaistil acu, go háirithe daoine faoi mhíchumas.

Ina cheann sin, dúirt Iarnród Éireann nach bhfuil aon leithscéal ag paisinéirí leis an dlí a shárú agus meabhraíodh don phobal go bhféadfaí fíneáil €100 a ghearradh ar aon duine nach n-íocann an táille. B'fhearr an gearradh coinsiasa a chur i ngníomh, is dócha!

Ní raibh an comhlacht in ann a rá linn, áfach, cé mhéad cigire atá fostaithe acu ná go deimhin cé chomh minic agus a dhéantar cigireacht ticéad ar an Dart.

Rud eile de, ní léir cé mar a théann an scéal i gcion ar ioncam Iarnród Éireann ós chuig an Údarás Náisiúnta Iompair a théann gach pingin a shaothraítear ó tháillí paisinéirí.

Is furasta neamhshuim a dhéanamh de mheaisíní íocaíochta cosúil leis an gceann seo

In ainneoin na bhfreagraí a fuair muid ó Iarnród Éireannf faoin gceist, is é bun agus barr an scéil i gcónaí gurbh fhurasta dúinne taisteal saor in aisce ar an Dart – dá dtogródh muid – agus ní léir nach bhféadfadh muide agus neart daoine eile an rud ceannann céanna a dhéanamh arís amárach, arú amárach agus mar sin de.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ