skip to main content

Plean gnímh in aghaidh na bruitíní le plé ag an Rialtas

Clár vacsaínithe in aghaidh na bruitíní le cur i bhfeidhm go luath
Clár vacsaínithe in aghaidh na bruitíní le cur i bhfeidhm go luath

Táthar le vacsaín in aghaidh na bruitíní a thairiscint do bhreis agus 300,000 duine sa Stát, de réir plean gnímh atá dréachtaithe ag na húdaráis sláinte.

Táthar faiteach go mbeidh ráig bhruitiní sa tír, go háirithe ó deimhníodh i dtús na míosa seo caite go raibh duine fásta tar éis bháis leis i gCúige Laighean.

Is é an vacsaín MMR an t-aon chosaint ar an mbruitíneach ach níl an oiread leanaí in Éirinn á fháil anois agus a bhíodh.

Le dhá bhliain tá an vacsaín faighte ag níos lú ná 90% de leanaí sa Stát tar éis gurb é 95% an sprioc-chéatadán bliantúil atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Tá an ráta chomh híseal le 80%, nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe.

Tá an plean gnímh, a bhfuil costas €4.6 million luaite leis, tá sé le cur faoi bhráid na Comhaireachta amárach ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly.

De réir a bhfuil sa phlean, thabharfaí an vacsaín do dhaoine ar fud na tíre i gcaitheamh ráithe agus dhíreofaí go háirithe ar dhaoine faoi 24 bliain d'aois; ar oibrithe cúraim shláinte; ar an lucht siúil; ar an bpobal Romach; ar dhaoine gan dídean; agus ar inimircigh.

Dhíreofaí ina dhiaidh sin ar dhaoine idir 25- 34 bliain, agus ina dhiaidh sin arís ar dhaoine a rugadh tar éis 1978.

De réir staidéir a rinne an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte le gairid, níl aon chosaint ar an mbruitíneach ag 11% de dhaoine fásta idir 18-34 bliain, agus tá an céatadán chomh hard le 18% i measc fir óga idir 18-19 bliain.

Meastar nach bhfuair cuid de na daoine sin an vacsaín MMR nuair a bhí siad ina leanaí mar gheall ar scéal mícheart a bhí á chraobhscaoileadh ag an am go bhféadfadh baint a bheith ag an vacsaín le huathachas.

Is é is dóichí go bhfuil daoine a rugadh roimh 1978, go bhfuil siad imdhíonta ar an mbruitíneach.

Tá sé i gceist gur dochtúirí teaghlaigh agus lucht sláinte ceirde a thabharfadh an vacsaín do dhaoine a luaithe a chuirfear an plean nua i bhfeidhm.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ