Tá brú ar leith tagtha ar rialtas Iosrael i dtaca le bás bhreis is céad Pailistíneach lámh le Cathair Gaza i dtuaisceart an stráice inné.
Tuairiscítear gur maraíodh suas le 112 Palaistíneach agus gur gortaíodh na céadta eile nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha a ngunnaí le slua mór daoine a bhí bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach.
Tá éileamh déanta anois ag roinnt mhaith tíortha ar na Náisiúin Aontaithe fiosrúchán a chur ar bun faoinar tharla.
Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad 'i gcontúirt ón slua' a thosaigh siad ag scaoileadh, arsa na hIosraelaigh.
Bhí sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh roimhe sin gur gortaíodh daoine nuair a shatail siad ar a chéile sa sciob sceab a bhí ar an ábhar sna leoraithe.
Ba ina dhiaidh sin a d'admhaigh siad gur scaoil saighdiúirí piléir.
Tá foláireamh tugtha ag Hamas go bhféadfadh an sléacht is deireanaí comhráite faoi shos comhraic in Gaza a chur ó mhaith.
Bhí chuile shúil ag Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go mbeadh sos cogaidh i bhfeidhm i Gaza faoin Luan seo chugainn, ach d'fhéadfadh eachtra an lae inné cor nua a chur sa scéal.
Údar dóchais, más ann dá léithid i Gaza na laethanta seo, is ea go maoineoidh an tAontas Eorpach Eagras Fóirithinte na Náisiún Aontaithe sna Críocha Pailistíneacha (UNRWA) arís ón tseachain seo chugainn amach.
Tá socrú déanta chun antoiscigh a choinneáil ón eagras.
Tarraingíodh conspóid mhór faoi UNRWA i mí Eanáir nuair a chuir Rialtas Iosrael i leith na heagraíochta go raibh daoine áirithe ag obair dó a bhí rannpháirteach san ionsaí a rinne Hamas ar an 7ú Deireadh Fómhair.
Coinníodh maoiniú ó UNRWA ó shin.