skip to main content

Navalny adhlactha sa Rúis

Navalny á adhlacadh sa Rúis
Navalny á adhlacadh sa Rúis

Bhailigh slua mór daoine i Moscó inniu do shochraid cheannaire an fhreasúra sa Rúis, Alexei Navalny.

Bhí líon ard póilíní ar dualgas.

Bhí an bhagairt déanta ag Rialtas na Rúise go ngabhfaí daoine ag an tsochraid dá mbeadh aon léirsiú frith-rialtais.

Cónra Navalny á hiompar isteach

Ainneoin sin gháir roinnt daoine amach sa slua go mbeadh 'An Rúis saor ó Putin' agus 'saoirse don Rúis'.

Bhásaigh Alexei Navalny (47) i bpríosún sa réigiún Artach den Rúis coicís ó shin agus é ag cur téarma fada isteach de bharr a sheasamh in aghaidh Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin.

Deir a lucht tacaíochta gurbh amhlaidh a dúnmharaíodh é agus gurbh é an tUachtarán Putin a bhí freagrach as.

Tá sé séanta ag rialtas na Rúise go raibh aon bhaint acu lena bhás.

Cuireadh sa gcré Alexei Navalny i reilig lasmuigh de Mhoscó.