Tuairiscítear gur maraíodh 112 Palaistíneach agus gur gortaíodh na céadta eile i dtuaisceart Gaza nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha a ngunnaí le slua mór daoine a bhí bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach.
Thug Arm Iosrael le fios ar an gcéad dul síos gur gortaíodh daoine nuair a shatail siad ar a chéile sa sciob sceab a bhí ar an ábhar sna leoraithe.
D'admhaigh na hIosraelaigh ina dhiaidh sin, áfach, gurbh amhlaidh a scaoil na saighdiúirí leis an slua.
Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad i gcontúirt ón slua a thosaigh siad ag scaoileadh, arsa na hIosraelaigh.
Tuairiscítear freisin gur imigh an slua chun scaoill agus gur maraíodh cuid de na daoine nuair a bhuail na leoraithe iad tar éis dóibh na sála a bhaint dá chéile.
Tugadh na mairbh agus an dream a gortaíodh chuig Ospidéal al-Shifa sa chathair ach níl sé d'acmhainn ag an ospidéal sin níos mó an chóireáil leighis a theastaíonn a chur ar an oiread sin daoine.
Tá foláireamh tugtha ag Hamas go bhféadfadh an sléacht is deireanaí comhráite faoi shos comhraic in Gaza a chur ó mhaith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ