Níl sé ach tofa mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) ón Satharn ach anocht tá Jarlath Burns i láthair i bPáirc Windsor,Béal Feirste do chluiche sacair idirnáisiúnta i gcomórtas na mban.
Beidh Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill ina theannta.
'Os rud é go bhfuil Uachtarán nua CLG le bheith ag cluiche sacair de chuid Thuaisceart Éireann anocht, léiríonn sé na céimeanna chun tosaigh atá déanta ag an dá phobal ansin' a dúirt sé.
Is i gcoinne Montenegro i Sraith na Náisiún atá Tuaisceart Éireann ag imirt.

Tá súil ag Jarlath Burns freisin go rachaidh oifigigh UEFA ,atá i mBéal Feirste, abhaile le muinín go mbeidh Páirc Mhic Easmainn réidh do EURO 2028.
Tá oibrithe faoi Pháirc Mhic Easmainn in iarthar Bhéal Feirste le seachtain anois ag réiteach na háite don athfhorbairt.
Deir UEFA gur lár 2027 an spriocdháta don fhorbairt, má tá cluichí sacair EURO 2028 le himirt ann.
Gheall Rialtas na hÉireann €50m d'athfhorbairt an ionaid sin.
Deir Uachtarán CLG nach mbeidh siad ag tabhairt níos mó ná an 15m punt sterling a gheall siad ar lámh.