Tá Parlaimint na hEorpa i ndiaidh a beannacht a thabhairt don Dlí Athchóirithe Nádúir.
Athchóiriú a dhéanamh ar thalamh ar bhealach nádúrtha atá i gceist leis an dlí seo.
Beidh 2 bhliain anois ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) plean a leagan amach faoin gcaoi a ndéanfar athchóiriú ar 20% de thalamh agus réimsí farraige an AE faoin mbliain 2030.
Beidh na héiceachórais ar fad le bheith curtha san áireamh faoi 2050.
Tá spriocanna áirithe aeráide leagtha síos sa dlí nua.
Is beag fáilte atá á chur ag feirmeoirí rompu áfach mar go gcreideann siad go mbeidh a slí bheatha siar leis.
Dúirt an Feisire Eorpach, Sean Kelly go bhfuil geallúint faighte aige ó Choimisinéir Talmhaíochta an AE nach mbeidh aon iallach ar fheirmeoirí géilleadh don dlí seo, agus go mbeadh cúiteamh ann do pé feirmeoir a bheadh sásta a bheith páirteach sa scéim.
Glacadh leis an dlí seo le farasbarr 54 vóta.
Tuigtear go nglacfaidh Airí Comhshaoil an AE leis freisin ach a dtiocfaidh siad le chéile an mhí seo chugainn.