skip to main content

An tAire Catherine Martin á ceistiú ag Comhchoiste Oireachtais

Aire na Meán,Catherine Martin os comhair an chomhchoiste
Aire na Meán,Catherine Martin os comhair an chomhchoiste

Tá Aire na Meán,Catherine Martin á ceistiú os comhair Chomhchoiste Oireachtais anocht maidir leis an mbealach ar láimhseáil sí an chonspóid faoina pacáistí scoir sa chraoltóir náisiúnta RTÉ.

Tá an tAire Martin cáinte faoina ciúinsí ar éirigh Siún Ní Raghallaigh as a cuid cúramaí mar Chathaoirleach ar Bhord RTÉ an tseachtain seo caite.

Mar sin féin, tá an tAire Airgeadais,Michael McGrath i ndiaidh a thacaíocht iomlán a léiriú don Aire Martin.

D'éirigh Siún Ní Raghallaigh as maidin Dé hAoine nuair nár léirigh an tAire Marttin muinín inti le linn agallaimh a bhí sí a thabhairt ar an gclár teilifíse,Prime Time an oíche roimhe sin.

Siún Ní Raghallaigh, iar-Chathaoirleach Bhord RTÉ

Maíonn Catherine Martin go bhfuair sí eolas mícheart ó Shiún Ní Raghallaigh maidir le beannacht Bhord RTÉ a bheith faighte don íocaíocht scoir a fuair iar-cheannasaí airgeadais na heagraíochta,Richard Collins.

Maíonn Siún Ní Raghallaigh gur shoiléirigh sí an méid seo maidin Déardaoin seo caite, agus gur chuir sí iar-Ard Rúnaí Roinne na Meán,Katherine Licken ar an eolas faoin bpróiseas i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

An tAire Martin ar Prime Time 22ú Feabhra

I litir atá seolta ag Coiste Oireachtais na Meán dúradh nach mbeadh sé cuí do Katherine Licken freastal ar an éisteacht seo mar nach bhfuil sí ina ball fóirne níos mó.

Mairfidh an éisteacht go dtí a 10 a'chlog a deirtear.

Tá sé i gceist freisin go dtabharfaidh an tAire Martin ráiteas Dála faoin gconspóid seo a d'fhág Siún Ní Raghallaigh ar bheagán rogha ach éirí as.

Sa Dáil féin tráthnóna, tá Sinn Féin le Bille a chur os comhair na dteachtaí le cúrsaí airgeadais RTÉ a chur faoi chúram an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Tuigtear go bhfuil Coiste na gCuntas Poiblí ar aon intinn le Sinn Féin ar an gceist agus go mbuailfidh sé le chéile inniu le bailchríoch a chur lena thuairisc ar RTÉ.