An chéad uair ó bunaíodh an feachtas míoca i nDún na nGall tá grúpaí éagsúla tagtha le chéile le cáipéis oibre a chur os comhair an Rialtais faoin gcúiteamh atá beartaithe ag an Stát.
Beidh siad ag lorg tuairimí ag cruinniú poiblí De Luain seo chugainn.
3 phríomhghrúpa feachtais a bhíodh ann agus atá anois tagtha le chéile: Cúiteamh 100%, Grúpaí Fócais Cúitimh agus Grúpa Gnímh Míoca Dhún na nGall.
Is fada ráite é ag an bhfeachtas ar son cúiteamh iomlán a bhaint amach d' úinéirí tithe atá loite ag blocanna fabhtacha míoca nach cúiteamh iomlán atá sna scéimeanna Rialtais.
Deir lucht an fheachtais freisin go bhfuil go leor daoine fágtha as an áireamh ag critéir agus ag coinníollacha na scéimeanna sin.
Anois agus toghcháin ar na bacáin tá siad le cáipéis a chur faoi bhráid an Rialtais ag míniú cén cineál cúitimh atá de dhith orthu.
Deir Róise Nic Laifeartaigh ó Ghrúpa Gnímh Míoca Dhún na nGall go bhfuil 4 phrionsabal le bheith sa gcáipéis.
Ina measc a deir Róise "go mbeadh na tithe tógtha de réir chaighdeáin reatha, murab ionann agus an scéim atá molta ag an Rialtas anois - sé sin go dtógfaí na tithe de réir chaighdeáin 2008.
Fosta, go gcuirfí scéim ar fail le tógáil a bhainistiú do dhaoine de bhrí go bhfuil an próiseas atá ann anois an-chasta."
Deir an 3 phríomhghrúpa feachtais go gcuirfidh siad dlús lena bhfeachtas roimh na 3 thoghchán a bheas ann as seo go ceann bliana.
Ba mhaith leo go mbeadh rogha ag daoine an teach a thógáil arís.
Ba mhaith leo nach bhfágfaí aon duine as an áireamh i scéim cúitimh amach anseo, agus ba mhaith leo nach dtarlódh a leithéid de scannal arís.
Tá siad ag éileamh fiosrúchan poiblí faoi cheist an mhíoca ina iomláine.
Pléifear ceist na mblocanna lochtacha míoca ag cruinniú amárach de Chomhchoiste Dála na Roinne Tithíochta.
Seachtain ó inniu beidh lucht an fheachtais ag bailiú tuilleadh tuairimí ón bpobal ag ollchruinniú ar an Bheart i gCo Dhún na nGall.
Seolfar an cháipéis ansin chuig na páirtithe polaitiúla agus beifear ag súil le freagra uathu roimh chruinniú eile atá le bheith ann an 26ú Márta.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.