Maíonn Rialtas na Stát Aontaithe go bhfuil breis is 10 gcinn de spriocanna Houthi san Éimin buailte ag a aerfhórsa féin agus Aerfhórsa na Breataine (RAF).
Deir sé go raibh na hionsaithe dírithe ar áiseanna stórála armlóin agus córais chosanta Houthi mar chuid den fheachtas atá ar bun in aghaidh Houthi ó thosaigh na reibiliúnaithe sin ag ionsaí longa tráchtála sa Mhuir Dhearg.
Tá 4 ionsaí dá léithid déanta anois ar spriocanna Houthi, péire díobh sin an mhí seo.
Thosaigh Houthi, a bhfuil tacaíocht na hIaráine aige, ag déanamh na n-ionsaithe lámh le Canáil Suez i mí na Samhna seo caite.
Deir sé gur dírithe ar Iosrael atá na hionsaithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Gaza faoi láthair cé go bhfuil longa eile buailte ag na mílisteoirí nach le Iosrael iad.
Is bealach tábhachtach tráchtála é an Mhuir Dhearg do chomhlachtaí lastais mar go ngiorraíonn sé an t-aistear go suntasach idir an Áis agus an Eoraip.