Thug stát South Carolina a bheannacht aréir d'iar-uachtarán Mheiriceá,Donald Trump, seasamh mar ionadaí don pháirtí poblachtánaigh i dtoghchán na huachtaránachta.
Bhí an tUasal Trump i bhfad chun cinn ar iar-ghobharnóir an stáit sin,Nikki Haley nuair a bhí na vótaí comhartha.
Deirtear gur beag de fheachtas a sheol sé i South Carolina, bhí sé chomh cinnte sin de féin.
Díol díomá do Nikki Haley an toradh seo i stát inar toghadh í faoi dhó mar ghobharnóir.
Dúirt sí áfach go leanfadh sí uirthi ag feachtasaíocht i stáit eile.
Tabharfaidh sí aghaidh anois ar stát Michigan a vótáilfidh le hionadaí a chur chun cinn arú amárach.
Seachtain ón Mháirt (5ú Márta) an lá mór sa phróiseas roghnúcháin d'iarrthóirí, 'Super Tuesday' mar a thugtar air go traidisiúnta.
Reachtáilfidh suas le 12 stát a gcuid toghchán féin le hiarrthóirí a chur chun cinn do thoghchán na hUachtaránachta.
Is i mí na Samhna seo chugainn a thionólfar an toghchán sin agus ceaptar ag an tráth seo gur idir an t-uachtarán reatha Joe Biden ón bpáirtí Daonlathach agus Donald Trump a bheidh sé.