skip to main content

Deir Cumann Cónaitheoirí i Luimneach go bhfuil an ollscoil ag ligint amach tithe ar cíos do mhic léinn ina n-eastát cónaithe

Cheannaigh Ollscoil Luimnigh fiche tigh nuathógtha in eastát darb ainm dó "Dromin Beag" a raibh costas de suas le €600,000 orthu.
Cheannaigh Ollscoil Luimnigh fiche tigh nuathógtha in eastát darb ainm dó "Dromin Beag" a raibh costas de suas le €600,000 orthu.

Deir Cumann Cónaitheoirí i gCathair Luimnigh go bhfuil gearán oifigiúil le cur faoi bhráid na Comhairle Contae agus faoi bhráid an Choiste um Chuntais Poiblí acu, faoi thithe atá ceannaithe ag Ollscoil Luimnigh sa Réabóg, atá lonnaithe sa chathair.

Do cheannaigh Ollscoil Luimnigh fiche tigh nuathógtha in eastát darb ainm dó "Dromin Beag" a raibh costas de suas le €600,000 orthu.

Deir Cumann Cónaitheoirí na Réabóige go bhfuil na tithe á n-usáid anois ag na mic-léinn atá ag freastal ar Ollscoil Luimnigh, agus gur sárú atá ann, mar sin, ar an gcead pleanála a fuarthas an chéad lá ariamh.

Dúirt Shelia McDonnell go raibh cead pleanála faighte chun tithe cónaithe agus tithe sóisialta a thógáil ansin, ach nach bhfuil an úsáid sin á baint as na tithe faoi láthair.

Sheila McDonnell agus Sarah Beasley

"Tá sé seo ag dul glan in aghaidh an chead pleanála a tugadh don bhforbairt agus tá gearán oifigiúil déanta againn leis an gcomhairle", a dúirt sí.

Dúirt Sarah Beasley ón gcumann go raibh an ollscoil in ann dhá oiread an mhéid airgid a thairiscint as na tithe, i gcomparáid leis an meánphraghas sa cheantar.

"Ní féidir le daoine áitiúla dul i gcomórtas leis an ollscoil ó thaobh na bpraghasanna sin, tá siad i bhfad ró-ard. Tá ceisteanna le freagairt anseo maidir le caiteachas agus táimíd tar éis dul i dteagmháil leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí chun iarraidh orthu an scéal a fhiosrú".

I ráiteas, dúirt Ollscoil Luimnígh go bhfuil ganntanas mór tithe ar fáil mar lóistín dá mic léinn i Luimneach agus gur de bharr sin, ghlac fochomhlacht de chuid na hollscoile cinneadh chun tithe san eastát seo a cheannach. Deir siad go gclúdófaidh íocaíochtaí cíosa an costas caipitiúil sa mheanthréimhse.

Deir siad go bhfuil an fochomhlacht chun dul i mbun cainteanna leis an gComhairle Contae faoi nithe atá árdaithe faoin bhforbairt agus nach mbeadh sé ceart aon ní eile a rá um an dtaca seo.