D'eisigh Bord RTÉ ráiteas ar ball, inar ghabh siad buíochas le hIarChathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, as an tseirbhís a chur sí ar fáil don chraoltóir seirbhíse poiblí.
Bhí súil leis an ráiteas seo an lá ar fad, ó fógraíodh go mbeadh Bord RTÉ ag bualadh lena chéile chun plé a dhéanamh ar an gconspóid a tháinig chun cinn aréir, tráth a chuaigh an tAire Meán, Catherine Martin, ar an gclár teilifíse Prime Time. Thug an tAire le fios ar an gclár go raibh "eolas míchruinn" tugtha ag Siún Ní Raghallaigh di faoi dhó an tseachtain seo agus go raibh "an-díomá" uirthi dá bharr.
Ina dhiaidh sin, d'eisigh Siún Ní Raghallaigh ráiteas inar dhúirt sí go raibh cinneadh déanta aici éirí as, nach bhféadfadh sí leanúint ar aghaidh gan muinín an Aire a bheith aici.
Bhí an eagraíocht in umar na haimléise an lá ar fad. D'eisigh Ard-Stiúthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, ráiteas inar thug sé le fios go raibh sé dírithe ar an eagraíocht a stiúradh tríd an tréimhse dheacair seo, "is cuma cén eachtraí a ghabhfaidh smacht ar na ceannteidil."
Leaid, b'fhéidir go bhfuil níos mó le fógairt?

Bhí súil le ráiteas an Bhoird, ach sa deireadh, níor sceith siad aon eolas sa mbreis ann.
Mhol siad Siún Ní Raghallaigh as a luachanna, a díograis agus "thar aon ní eile, a tiomántas don chraoltóireacht seirbhíse poiblí."
Ach níor tugadh aon léargas sa ráiteas ar na ceisteanna is mó atá eascartha as an eachtra seo:
Cén fáth nár phléigh an tAire Catherine Martin an t-eolas le Siún Ní Raghallaigh sula ndeachaigh sí ar Prime Time? Cén fáth ar thug Siún Ní Raghallaigh le fios don Aire Martin níos luaithe an tseachtain seo nach bhfaca Bord RTÉ an pacáiste sular ceadaíodh é?
Ach i ndáiríre, deir Bord RTÉ gur chuir Siún Ní Raghallaigh scairt ghutháin ar Ard-Rúnaí Roinn na Meán ar 10 Deireadh chun an cead a bhí tugtha do phacáiste Richard Collins a chur in iúl.
Agus le scéal casta a dhéanamh níos casta fós, deir an tAire Martin nach bhfuil aon chuimhne ag iarArd-Rúnaí Roinn na Meán gur chuir Siún Ní Raghallaigh an scéal maidir le pacáiste Richard Collins in iúl di ar 10 Deireadh Fómhair.
An amhlaidh go bhféadfadh mearbhall agus míthuiscint a bheith ag croílár na faibhde seo? Téarmaí measctha suas? Is cosúil nár cheadaigh Bord RTÉ an pacáiste. Ach ní thitfeadh an dualgas orthusan choíche; 'sé an Fochiste Luach Saothair a cheadaigh an pacáiste.
Ach mar a luadh cheana, bhí an tAire Meán ag séanadh inniu gur cuireadh aon eolas ar chor ar bith in iúl dá hArd-Rúnaí Roinne maidir le pacáiste Richard Collins ar 10 Deireadh Fómhair.

ar chomhrá a bhí aici le Siún Ní Raghallaigh ar 10 Deireadh Fómhair, inar dúradh go raibh pacáiste
Richard Collins ceadaithe ag an bhFochoiste Luach Saothair.
Sa ráiteas, dúirt an bord arís go bhfuil géarghá le múnla maoinithe inbhuanaithe a chur ar bun, chun RTÉ a chur ar bhealach a leasa.
Ach is cinnte go mbeidh castaí eile ar an scéal seo; tá dhá thuarascáil fós le foilsiú maidir le cúrsaí rialaithe in RTÉ, tá caint faoin eagraíocht a thabhairt isteach faoi mhaoirsiú an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tá mórimeachtaí dlí ar na bacáin maidir leis na "conarthaí féinfhostaíochta bréagacha" - mar a thugtar orthu - agus thar aon rud eile, tá múnla mhaoinithe úr le socrú.