Tá sé ráite ag Bord RTÉ gur inis iarChathaoirleach an bhoird, Siún Ní Raghallaigh, d'Ard-Rúnaí Roinn na Meán ar 10 Deireadh Fómhair gur scrúdaigh fochoiste luach saothair RTÉ an pacáiste a íocadh le hiarPhríomhoifigeach Airgeadais RTÉ, Richard Collins, agus go ndearna siad cinneadh é a cheadú ar 9 Deireadh Fómhair.
I ráiteas, thug siad le fios gur bhuail an fochoiste a bhíonn ag plé le luach saothair lena chéile ar 9 Deireadh Fómhair chun plé a dhéanamh ar an bpacáiste, a bhí molta i ndiaidh do Richard Collins agus RTÉ tabhairt faoi phroiséas eadrána.
"Bhí an tArd-Stiúthóir i láthair ag an gcruinniú sin agus cheadaigh an fochoiste an pacáiste. Leanamar an proiséas atá scríofa síos faoi théarmaí tagartha an fhochoiste agus Bhord RTÉ.

"An lá dar gcion, chuir Siún Ní Raghallaigh scairt ghutháin ar Ard-Rúnaí Roinn na Meán agus chuir sí an scéal in iúl don Roinn, is é sin, gur cheadaigh an fochoiste luach saothair an pacáiste agus gur leanadh na nósanna imeachta cuí."
Cuireadh tuairisc faoi bhráid Bhord RTÉ ina thaobh ag a gcéad chruinniú eile, ar 26 Deireadh Fómhair. Ní raibh cead an bhoird ar fad ag teastáil chun an pacáiste a cheadú; níl raibh de dhíth ach cead an fhochoiste luach saothair.
Tá na comhaltaí boird ag bualadh lena chéile faoi láthair le tuilleadh plé a dhéanamh ar an gconspóid.