Sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig, thug Ard-Aighne na hÉireann le fios go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag stát Iosrael ar chearta Palaistíneach in Gaza, sa Bhruach Thiar agus in áiteanna eile sa Neasoirthear.
Tá Éire ar cheann de leathchéad tír a bhfuil aighneachtaí á gcur faoi bhráid na cúirte acu maidir le forghabháil na Iosraelach ar chríocha Palaistíneacha.
Ag labhairt dó thar ceann an Rialtais sa chúirt inniu, dúirt an tArd-Aighne Rossa Fanning go bhfuil oibleagáid ar stáit éagsúla comhoibriú le deireadh a chur leis an leatrom atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar na Palaistínigh.
Chuige sin, arsa sé, ba cheart do stáit athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe trádála atá acu le háitribh mhídhleathacha Iosraelacha sna críocha Palaistíneacha lena chinntiú nach bhfuil siad ag tacú de facto leis na háitribh sin.
Thug sé le tuiscint freisin gur léir go bhfuil na hIosraelaigh – idir an stát agus na lucht na n-áitreabh mídhleathach – go bhfuil siad ag forghabháil tuilleadh talaimh diaidh ar ndiaidh an t-am ar fad.
Mar leis an ngéarchéim in Gaza de, deir aireacht sláinte Hamas gur maraíodh 97 duine agus gur leonadh 130 eile de bharr ionsaithe buamála agus airtléire na nIosraelach ar áiteanna éagsúla san iamhchríoch ó inné.
Dúírt oifigigh ó na Náisiúin Aontaithe inniu chomh maith go bhfuil sé fíordheacair an beagán bia atá á scaoileadh isteach in Gaza a dháileadh ar lucht an chaill ó tá riail agus reacht san iamhchríoch tite as a chéile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ