Dúradh le coiste Oireachtais inniu go gcaithfear machnamh a dhéanamh in athuair faoin maoiniú a chuireann an Stát ar fáil don chraoltóireacht Ghaeilge agus do TG4 go háirithe.
Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go gcaithfear glacadh leis anois go bhfuil dhá chraoltóir poiblí stáit ann agus go gcaithfear iad a mhaoiniú dá réir.
Dúirt ceannasaí TG4 Alan Esslemont nach bhfuil an cainéal ag fáil a sciar cothrom de mhaoiniú ón Stát.
Bhí ionadaithe bainistíochta ó RTÉ agus TG4 i láthair Choiste Oireachtais ar ghnóthaí Gaeilge chun "úsáid agus infheictheacht na teanga" ar na meain chraolta a phlé.
Ina aitheasc tosaigh don Choiste dúirt Alan Esslemont go bhfuil "infheistíocht an stáit i TG4 i 2024 beagnach €6M níos lú ná mar atá sa straitéis a cheadaigh an Dáil i 2023, ainneoin stádas na Gaeilge sa Bhunreacht agus stádas na craoltóireachta Gaeilge sa reachtaíocht, agus in ainneoin go bhfuil Aire ann, [an tAire Catherine Martin], a thugann tacaíocht do TG4 ar bhealach nach ndearna aon Aire Meán riamh."
Dúirt sé go bhfuil an infheistíocht phoiblí i TG4 in Éirinn go fóill faoi bhun 50% den infheistíocht phoiblí i gcainéal S4C sa Bhreatain Bheag, "ainneoin go bhfuil Éirinn i bhfad níos saibhre ná an Bhreatain Bheag, go bhfuil daonra i bhfad níos mó anseo agus go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ann ná cainteoirí Breatnaise."
Dúirt Ard Stiúrthóir TG4 gurb iad ranna Airgeadais an stáit "a mhúnlaíonn meon an stáit agus dar liomsa breathnaíonn siad ar an nGaeilge mar "a non-essential language", úsáideach don stát mar theanga ornáideach, ach neamhriachtanach.
Dúirt sé go raibh "athrú meoin ag teastáil."
D'iarr sé go mbeadh "cinneadh comhfhiosach Rialtais i 2024 ag cur maoiniú poiblí TG4 ag ar a laghad 50% de mhaoiniú poiblí RTÉ.
Chiallódh sé seo go mbeadh maoiniú poiblí TG4 ag €120M (móide €15M in ioncam tráchtála = €135M de mhaoiniú iomlán), mórán an scála céanna le S4C. Is féidir an sprioc maoinithe seo a bhaint amach de réir a chéile idir 2025 agus 2030."

"Craoltóir, de facto, Béarla atá in RTÉ" - Alan Esslemont
Dúirt Alan Esslemont leis an Choiste gur "léirigh Tuarascáil an Coimisinéara Teanga gur craoltóir, de facto, Béarla atá in RTÉ."
Ach thug sé rabhadh: "má dhéanann an Rialtas seo cinneadh réamhbheartaithe, comhfhiosach faoi quantum maoinithe RTÉ i 2024 agus - beag beann ar stádas bunreachtúil na Gaeilge, beag beann ar dhualgais agus 'cuspóirí' TG4 faoin Acht Craolacháin, agus beag beann ar mhionsonraí Ráiteas Straitéise TG4 atá feicthe agus faofa ag an Dáil - má dhéanann an Rialtas seo cinneadh comhfhiosach i mbliana faoi TG4, quantum maoinithe RTÉ agus gan cinneadh comhfhiosach a dhéanamh faoi quantum maoinithe TG4, is scannal a bhéas ann."
Dúirt sé gur amhail le "buille tubaisteach sa straois a bhéas ann don ghlúin seo de chainteoirí Gaeilge agus, mar a léiríonn eolaíocht teanga dúinn, bainfidh sé an bonn de phobal inmharthana labhairt na Gaeilge in Éirinn."

Chosain Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, cur chuige an chraoltóra Gaeilge.
Ina ráiteas tosaigh, dúirt sí go gcuireann an craoltóir €24 milliún isteach in ábhar Gaeilge ar a chuid ardáin agus seirbhísí.
Dúirt sí go gcuireann RTÉ seirbhís il-ardáin Nuachta ar fáil do RTÉ agus TG4, agus go bhfostaítear "níos mó iriseoirí a oibríonn trí mheán na Gaelainne sa tseirbhís sin ná in aon eagraíocht nuachta eile in Éirinn."
"Léiríonn RTÉ níos mó ná 250 uair an chloig d’ábhar nuachta agus cúrsaí reatha Gaelainne don dteilifís na haon bhliain, atá bunaithe ar aschur nuachta agus cúrsaí reatha Nuacht TG4, ar fheasacháin Nuacht RTÉ le TG4 ar RTÉ One agus ar an RTÉ News Channel, agus ar fhoilsiú agus ar ábhar a chur ar na hardáin meán sóisialta. "
Dúirt Ní Churnáin "ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh úsáid na Gaelainne a normalú lasmuigh dár gcroísheirbhísí Gaelainne," gurb é an dátheangachas ceann de na príomhbhealaí atá ag an eagraíocht chun úsáid laethúil na teanga a chur chun cinn.
"Difríocht shuntasach idir dearcadh RTÉ agus TG4" - Catherine Connolly TD
Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly a bhí ar dhuine de thriúr teachtaí a chuir ceisteanna ag céad sheisiún an tráthnóna, gur mhór idir na ráitis tosaigh a chuir RTÉ agus TG4 i láthair an Choiste.
Dúirt sí gurb é léamh RTÉ "go raibh siad sna flaithis agus go bhfuil TG4 ag rá go bhfuil siad thíos áit éigin, faoi thalamh, is dócha."
Dúirt sí nach bhfaca sí ráiteas tosaigh chomh láidir, neamhbhalbh le ráiteas TG4 ariamh ina saol agus gur rud maith é mar "gur minic a bhíonn muid anseo [sa choiste] ag éisteacht le focail mhilse, ach níl aon rud milis faoi na focail seo," arsa sí.
Mar fhreagra ar cheisteanna ón Teachta Connolly dúirt Niamh Ní Churnáin gur ‘léamh’ ar leith ar chúrsaí a bhí sa mhéid a dúirt Alan Esslemont faoi RTÉ a bheith ina stáisiún Béarla de facto agus "nár dhúirt an Coimisinéir Teanga a leithéid."
D'aontaigh sí áfach go raibh an ceart ag an Choimisinéir Teanga nuair a léirigh sé díomá le RTE, ach go bhfuil athrú meoin in RTÉ i leith na Gaeilge le roinnt blianta anuas agus go raibh "bonn i bhfad níos láidre" faoi chláracha Gaeilge anois ná mar a bhí.
Is i nGaeilge a bhíonn 8% den mhéid a chraolann RTÉ ar an teilifís anois i gcomparáid le 0.7% in 2017, a dúirt sí.
Easpa spriocanna sainiúla ag RTÉ
Cheistigh an teachta Connolly an raibh spriocanna sainiúla ag RTE do chláracha teilfiise Gaeilge agus tréimhse ama ceangailte leo.

Dúirt Niamh Ní Churnáin nach bhfuil a leithéid leagtha síos agus go bhfuil siad ag fanacht le treoir ó Choimisiún na Meán nuair a fhoilseoidh siad a n-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge ó seo go deireadh na bliana - dúirt sí gurb í an treoir atá tugtha di "réimse cuimsitheach" de chláracha a chur ar fáil.
Léirigh an Teachta Connolly ionadh leis an ráiteas sin agus d'fhiafraigh sí cad chuige a bhfuil RTÉ ábalta tuiscint a bhaint as a ndualgas reachtúil maidir le craoladh i mBéarla ach nach bhfuil sé sin á dhéanamh acu ó thaobh na Gaeilge de.
Maoiniú RTÉ agus TG4 le fiosrú
Dúirt an Teachta Éamonn Ó Cuív, Fianna Fáil go gcaithfeadh an Coiste Oireachtais a machnamh a dhéanamh ar mhaoiniú RTÉ i gcomhthéacs mhaoiniú stáit TG4 nach bhfaigheannn ach 50 milliún ón Stát agus 5 mhilliún ó theacht isteach tráchtála.
D'fhiafraigh sé de Ard Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst an nglacann RTÉ leis go bhfuil dhá chraoltóir poiblí sa Stát. Dúirt Kevin Bakhurst go bhfuil cainéil teilifíse, staisiúin raidió agus seirbhís iomlán ar líne san áireamh sa bhuiséad 184 milliún a fhaigheann RTÉ ón Stát. Faigheann an craoltóir a oiread céanna ó theacht isteach tráchtála.
D'iarr Ó Cuív briseadh síos ar an bhuiséad €24 milliún a chaitheann RTÉ ar an Ghaeilge, de réir aschur RTÉ 1, RTÉ 2, Raidió a 1, 2FM, Lyric agus Raidió na Gaeltachta. D'fhiafraigh sé an raibh an soláthar Gaeilge do TG4 faoin reachtaíocht san áireamh ansin. Dhearbhaigh Niamh Ní Churnáin go bhfuil an soláthar do TG4 san áireamh sa 24 milliún.

RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cheistigh an teachta Ó Cuív ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha faoi bhuiséad €11 milliún an stáisiúin sin faoi láthair, i gcomparáid le 2008 nuair a bhí €15 mhilliún ag RnaG. D'fhiafraigh sé caidé mar a éiríonn leis an staisiún feidhmiú ar an airgead sin agus boilsciú san áireamh.
Chuir Gearóid Mac Donnchai gcuimhne dó go bhfuil laghdú 30% tagtha ar fhoireann iomlán RTÉ ón bhliain 2008.
Cothromaíocht pá
Maidir le cothromaíocht pá idir Raidió na Gaeltachta agus an chuid eile de RTÉ dúirt Gearóid Mac Donncha go bhfuil athbhreithniú ar bun ar na grádanna pá san eagraíocht uilig agus go bhfuil grád an Chlár Reachtaire ina measc.
Dúirt Éamon Ó Cuív go bhfuil i bhfad níos lú tacaíochta ag foirne cláir Raidió na Gaeltachta ná a bhíonn i gcláracha Béarla ó thaobh acmhainní de.
"Tá muid ag caint ar an éagothromaíocht pá le cúig bliana agus níl fhios agam cé mhéad athbhreithniú a chaithfear a dhéanamh le cinneadh ar bith a dhéanamh sa tír seo."
Nuacht TG4
Maidir le seirbhis Nuachta TG4 a bhfuil freagracht ar RTE as a sholáthar, dúirt ceannaire TG4 Esslemont an méid go bhfuil easpa acmhainní sa tseirbhís. Dúirt sé go ndearnadh "réamhthaifeadadh" ar chláracha Nuachta TG4 in aimsir na Nollag, "rud nár cheart a bheith ag tarlú ariamh." Thug sé le fios chomh maith nach bhfuil aon bhanda ainmneacha in úsáid ar na cláracha Nuachta. "Fá láthair má bhreathnaíonn tú ar an Nuacht, níl aon 'name straps' le feiceáil. Mar gheall go raibh easpa infheistíochta ann ó RTÉ tá an trealamh ag titim as a chéile."
Agus léirigh Alan Esslemont frustrachas le RTÉ nuair a dúirt sé: "Faoi láthair is é Kevin [Bakhurst] Príomheagarthóir Nuacht TG4. Ní dóigh liom gur mhaith le Kevin go mbeinnse i mo phríomheagarthóir ar RTÉ News - tá sé dochreidte."
Dúirt ceannasaí sheirbhís Nuachta TG4 Deirdre Ní Choistín leis an Choiste go bhfuil an stáisiún "ag obair le RTÉ agus Coimisiún na Meán ag iarraidh an Moladh 7.1 a bhaint amach."
Baineann Moladh 7.1 le RTÉ a bheith ag soláthar na nuachta do TG4.
"Caitear thart ar €5 mhilliún ar sholáthar nuachta agus cúrsaí reatha ó RTÉ faoi láthair le clár nuachta 24 nóiméad chomh maith le clár 7 Lá a chur ar fáil," a dúirt Deirdre Ní Choistín. "Tá muid ag iarraidh seirbhís nuacht a bhunú ina mbeidh punann ilardáin ina mbeadh feasachán cúpla uair sa lá, clár cúrsaí reatha níos faide, béim níos mó ar iriseoireacht iniúchta agus go mbeimis ag cur leis an fhoireann iriseoirí."
Dúirt sí "nach mbíonn dóthain iriseoirí ann go minic leis an chlár a líonadh" agus go bhfuil TG4 ag iarraidh seirbhís a bhunú a mbeidh podchraoltaí ina chuid de agus go mbeidh fáil ag daoine ar shuíomh Nuachta an chéad rud ar maidin.
Thug sí le fios go bhfuil moladh ar mhaoiniú na seirbhíse curtha faoi bhráid Choimisiún na Meán acu le seachtain anois agus go gcreideann TG4 gur cuid riachtanach de stáisiún teilifíse a seirbhís nuacht a mbeadh smacht acu féin air ó thaobh eagarthóireachta de.