skip to main content

Meitiolamfataimín criostail gur fiú na milliúin euro é faighte ag na Gardaí i gCorcaigh

Creideann na Gardaí gur meitiolamfataimín criostail iad na drugaí atá faighte acu
Creideann na Gardaí gur meitiolamfataimín criostail iad na drugaí atá faighte acu

Tá drugaí gur fiú thart ar €60m iad gafa ag na Gardaí ag Calafort Chorcaí. Tuigtear go gcreideann na Gardaí gur meitiolamfataimín criostail atá ann.

Deir na Gardaí go bhfuil an oibríocht faoina dtángthas ar na drugaí fós ar siúl agus nach féidir leo a dheimhniú go fóill cén luach drugaí, go baileach, a fuarthas.Thángthas ar lear mór gunnaí mar chuid den oibríocht freisin.

Tuigtear go bhfuil triúr gafa, beirt fhear agus bean amháin. Tá na Gardaí den tuairim go bhfuil baint ag buíon smuglálaithe idirnáisiúnta leis na drugaí.

Tá cuardaigh ar bun ag na Gardaí i dTra Lá, in áiteanna eile i gCiarraí agus i gContae Chorcaí mar chuid den oibríocht chéanna.

Deir na Gardaí nach mbeidh siad ag cur aon ráitis eile ar fáil um an dtaca seo.