skip to main content

Tá an príosúnaí polaitiúil, Alexei Navalny, tar éis bás a fháil sa champa géibhinn ina raibh sé faoi choimeád san Artach

Bhí Navalny rangaithe ag na húdaráis sa Rúis mar sceimhlitheoir, mar antoisceach agus mar ghríosóir.
Bhí Navalny rangaithe ag na húdaráis sa Rúis mar sceimhlitheoir, mar antoisceach agus mar ghríosóir.

Tá an príosúnaí polaitiúil, Alexei Navalny, tar éis bás a fháil sa champa géibhinn iarghúlta ina raibh sé faoi choimeád, de reir ráitis atá curtha ar fáil ag Seirbhís Príosúin na Rúise. Bhí sé 47 bliain d'aois. Tá an campa - ar a dtugtar IK-3 - sa réigiún Yamalo-Nenets, gar don Chiorcal Artach. Tuairiscítear go bhfuil coinníollacha crua sa champa, a dhéanann díobháil don mheabhairshláinte, agus don cholainn.

Níor dúradh sa ráiteas cén t-údar a bhí lena bhás.

Tuairiscítear go bhfuil coinníollacha crua sa champa IK-3, a dhéanann díobháil don mheabhairshláinte, agus don cholainn.

Bhí Navalny faoi choinneáil de bharr go raibh sé glan in aghaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin. Bhí sé rangaithe ag na húdaráis sa Rúis mar sceimhlitheoir, mar antoisceach agus mar ghríosóir. Tá sé faoi choimeád ó bhí 2021 ann. Meastar go forleathan go ndearnadh éagóir air agus go raibh cúis pholaitiúil ag baint leis an bpionós a gearradh air.

Bhí Navalny faoi choinneáil, de bharr go raibh sé glan in
aghaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin

Gearradh naoi mbliana príosúin air i 2021 as calaois agus díspeagadh cúirte. Ach gearradh naoi mbliana déag sa bhreis air le gairid, as eagras antoisceach a mhaoiniú, rud a shéanann sé.

"D’éirigh Navalny breoite i ndiaidh dó dul amach ag siúl", a scríobhadh sa ráiteas. "Chaill sé a mhothú. Chuir oibrithe sláinte cóir leighis air láithreach agus cuireadh fios ar otharcharr. Chuathas i mbun iarrachtaí athbheochana ach níor éirigh leo. Tá fiosraithe ar bun faoin gcúis a bhí lena bhás."

Deir baintreach Alexei Navalny, Yulia Navalnaya, go gcaithfear pionós trom a ghearradh ar Vladimir Putin as bás a fir chéile.

Caithfear pionós trom a ghearradh ar Vladimir Putin, a deir Yulia Navalnaya