Tá imní léirithe faoi dhéagóir a bhfuil 56 lá caite aige i seomra gan fuinneog sa rannóg éigeandála in Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí i dTrá Lí.
Tuigtear do Nuacht RTÉ go bhfuil riachtanais choimpléascacha ag an duine óg a bhí faoi chúram na Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh ó bhí sé ocht mbliana d'aois go dtí le gairid.
Tuigtear, áfach, nach raibh an cúram a cuireadh ar fáil dó thar mholadh beirte agus tá pardún gafa ag na Seirbhísí Meabhairshláinte faoi sin.
Tá an Teachta Dála Pa Daly ó Shinn Féin ag éileamh cúram cónaithe oiriúnach a chur ar fáil don duine óg láithreach bonn agus tá sé ag impí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar an Rialtas idirghabháil a dhéanamh sa scéal.

I nDáil Éireann inné, thug an Dálach le fios go raibh foireann an ospidéil an-bhuartha faoi chruachás an déagóra.
Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ inniu, dúirt Pa Daly nach raibh aon locht ar an bhfoireann agus go raibh siad ag déanamh a ndíchill ar son an duine óig, in ainneoin nach raibh na seirbhisí cuí ar fáil ann.
Thar aon ní eile, arsa sé, ba chóir áit a fháil don déagóir in ionad cónaithe ina cheantar dúchais féin chun go bhféadfadh a theaghlach cuairt a thabhairt air.

Sa fhreagra a thug sé ar cheist ó Pa Daly faoin scéal, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mb'oth leis cruachás an déagóra.
Thug an Taoiseach le fios, áfach, nach bhféadfadh seisean – de réir an Achta Sláinte – treoir a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gníomhú ná rud faoi leith a dhéanamh ar son aon othair.
Mar sin féin, dúirt sé go mbeadh sé sásta breathnú ar shonraí an scéil ach cead a fháil ó mhuintir an duine óig i dtosach.
Tá ráiteas iarrtha faoin scéal ag Nuacht RTÉ ar Chúram Sláinte Pobail Chorcaí agus Chiarraí, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar Ghrúpa Ospidéal an Deiscirt agus an Iar-Dheiscirt.
I bhfreagra a fuarthas ó Chúram Sláinte Pobail Chorcaí agus Chiarraí, dúradh cé nach bhféadfaí labhairt ar aon chás ar leith go mb'údar aiféala gan amhras duine óg a bheith ina chónaí i rannóg éigeandála ar feadh tamaill fhada.
Tugadh le fios sa ráiteas freisin go ndéanfadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na heagraíochtaí ábhartha eile, go ndéanfaidís a ndícheall i gcomhar le teaghlach an duine óig cúram mar is ceart a chur ar fáil dó san am atá le teacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ