Tá moill á cur in aon turas ag gníomhaireachtaí sa Bhreatain ar choistí cróinéara sa Tuaisceart le dúil brat a chur ar chúiseanna atá imithe ar ceal leis an aimsir, a maíodh i dTeach na dTiarnaí in Westminster inné.
An Barún Peter Hain, a bhí ina Stát-Rúnaí sa Tuaisceart idir 2005 agus 2007, is é a mhaígh go rabhthas ag ligean na maidí le sruth nó go dtiocfadh feidhm ar an 1 Bealtaine i mbliana le reachtaíocht nua chonspóideach.
De réir na reachtaíochta nua, ní bheidh cead coistí cróinéara ná cásanna sibhialta a thionscnamh i dtaca le maruithe a rinneadh le linn na coimhlinte sa Tuaisceart.
Ní bheidh cead ach oiread an dlí a chur ar chiontóirí má chomhoibríonn siad le coimisiún nua 'athmhuintearais agus faisnéise' atá le bunú.
Tá an reachtaíocht cáinte ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh, ag Rialtas na hÉireann agus ag gaolta daoine a maraíodh.
Thug Peter Hain le fios go ndúradh leis go bhfuil gach uile chineál siléigeachta ar bun ag na húdaráis lena chinntiú nach mbeifear in ann aon choiste cróinéara nua a bhunú roimh an marc ar an 1 Bealtaine.
Níl foireann, cáipéisí agus saoráidí nach iad á gcur ar fáil ag gníomhaireachtaí stáit do na póilíní ná do dhlíodóirí de réir mar is cóir, arsa sé.
É sin in ainneoin gur ordaíodh dóibh thar ceann an Bhantiarna Príomh-Bhreitheamh a bhfuil acu a thabhairt ar láimh, a dúirt sé, mar Peter Hain.
Thacaigh an Banbharún Nuala O'Loan le Peter Hain agus dúirt go raibh an scéal ag goilliúint go mór ar dhaoine muinteartha na marbh. Bhí Nuala O'Loan ina hOmbudsman na bPóilíní sa Tuaisceart idir 1999 agus 2007.
Chuir Peter Hain roinnt ceisteanna faoin gconspóid i dTeach na dTiarnaí inné ar an aire sóisearach in Oifig Thuaisceart Éireann Peter Caine.
Níor fhreagair an t-aire na ceisteanna sin ach gheall sé go scríobhfadh sé chuig na piaraí faoin scéal.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ