Tá sé tugtha le fios ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil costas an ospidéil nua leanaí i mBaile Átha Cliath tar éis ardú €500 milliún.
Cé nach bhfuil a fhios go baileach cén costas deiridh a bheas ann, meastar gur thart ar €2.25 billiún a bheas i gceist.
Nuair a fógraíodh an togra ar an gcéad dul síos in 2021, dúradh gur €450 milliún a chosnódh sé.
Tá an costas ag méadú go tráthrialta ó shin, áfach, agus tá an milleán faoi sin curtha ar ráta an bhoilscithe, ar an bpaindéim Covid-19 agus ar éilimh gan choinne ón tógálaí BAM.
Mar atá cúrsaí faoi láthair, deirtear go mbeidh an t-ospidéal tógtha faoi Shamhain i mbliana. Más amhladh a bheas an scéal, osclófar é i mí Aibreáin 2025 ar a luaithe.
Gheall an Taoiseach Leo Varadkar i nDáil Éireann tráthnóna nach gcaithfeadh an Rialtas níos mó ná €2.2 billiún san iomlán ar an togra.
Ag tabhairt freagra a bhí sé ar cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a dúirt go raibh an costas deiridh a bhí á lua leis an ospidéal anois, go raibh sé "millteanach mór".
Thug sí le fios freisin nár chreid sí nach n-ardódh an costas tuilleadh fós in ainneoin a ndúirt an Taoiseach.
Tá conspóid ag baint le tógáil an ospidéil beagnach ón tús.
I dtuarascáil a chuir iniúchóirí PwC i dtoll a chéile in 2019, dúradh go raibh lochtanna móra ar phleanáil agus ar bhuiséadú an togra.
Cáineadh bord an ospidéil sa tuarascáil agus dúradh nár choinnigh na baill súil ar chostais éagsúla mar ba chóir.
Maíodh freisin go ndearnadh meas faoina luach ar an gcostas deiridh ach go raibh sé rómhall an togra a chur amach ar tairiscint arís faoin am ar tugadh é sin faoi deara.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ