Tá bean á ceistiú ag na Gardaí maidir le bás buachalla óig i bPort Láirge an tseachtain seo caite.
Fuarthas Matthew Healy, a bhí sé bliana d'aois, agus é gan mhothú i ngluaisteán in aice leis an Dún Mór go moch ar maidin Dé hAoine seo caite.
Bhásaigh sé san ospidéal go gairid ina dhiaidh sin.
Tháinig na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar an mbuachaill sa ghluaisteán tar éis dóibh scéala a fháil go raibh bean trína chéile sa cheantar.
Ghabh na Gardaí bean sna tríochaidí agus bhí sí faoi chúram dochtúra ó shin.
Thug na Gardaí le fios inniu, ámh, go raibh feabhas ar an mbean agus go raibh sí in araíocht labhairt leo.
Tuigtear go rachfar i gcomhairle leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoin gcás.
Amárach i gCo Chorcaí a bheas sochraid Matthew Healy.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ