skip to main content

Croch suas é, a Mhairéad, agus gabhfaidh muid le chéile!

Mairéad Ní Fhlatharta
Mairéad Ní Fhlatharta

Is í Mairéad Ní Fhlatharta as Baile an tSléibhe sa Spidéal, Co na Gaillimhe, atá ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-Nóis in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana.

Roinntear an gradam cónaitheach idir na taibhealaíona traidisiúnta éagsúla, a dhreas bliana féin faoi seach ag duine acu amhránaí, damhsóir nó scéalaí. Ba ag an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn as Indreabhán a bhí an phribhléid anuraidh.

Ó dheireadh na míosa seo, go ceann bliana, beidh sé mar phribhléid agus mar chúram ag Mairéad Ní Fhlatharta ceardlanna amhránaíochta a reáchtáil san ollscoil le fonn an sean-nós a mhúineadh d'aon duine atá fonnmhar lena fhoghlaim.

Tá Mairéad ag gabháil don amhránaíocht ó bhí sí seacht mbliana d'aois, tráth a thosaigh sí ag freastal ar ranganna sean-nóis sa nGaelacadamh sa Spidéal. Ar na múinteoirí a bhí aici ann bhí na hamhránaithe clúiteacha Pat Phádraic Tom Ó Conghaile as Leitir Péic sa Spidéal agus Peatsaí Ó Ceannabháin, 'an fear múinte mánla' de bhunadh Ros Muc.

Amhráin a chuala sí as a hóige ag Seosamh Ó hÉanaí, Darach Ó Catháin, Dara Bán Mac Donnchadha, Caitlín Maude agus daoine nach iad, chuaigh siad go mór i gcion uirthi freisin, a deir sí.

I gceann ar thug sí léi ó na heiseamláirí sin ar fad – fíorscoth fonnadóirí Chonamara – is léir go bhfuil bua ó nádúr ag Mairéad. Éistear léi thíos ag casadh Úna Dheas Ní Nia agus An Raicín Álainn mar chruthú ar an rá sin!

Mairéad Ní Fhlatharta: Úna Dheas Ní Nia, Sean-Nós na mBan, Oireachtas na Samhna 2022

An Abhainn Mhór agus Caisleán Uí Néill tá siad ar phéire de na hamhráin eile is ansa le Mairéad, a deir sí linn, agus más amhráin mhóra mar iad a bheas sí a mhúineadh sna ceardlanna ba mhaolaisnéis a rá gur maith a bheith ag súil leo.

Dar leis an amhránaí sean-nóis Éamon Ó Donnchadha go bhfuil "an aois agus an ársacht a bhaineann le seanamhráin [agus] an chroíúlacht agus an óige a bhaineann leis na hamhráin nua le brath ar rogha amhrán Mhairéad".

Deir Mairéad féin gur fada léi an deis a bheith aici "saibhreas filíochta na nGael, chomh maith leis an ngrá agus na téamaí éagsúla eile as amhráin na ndaoine a roinnt go fial".

An Dr Méabh Ní Fhuartháin ó Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na Gaillimhe, deir sí gur "gné fíorthábhachtach den obair atá ar siúl againn anseo an nasc beo atá againn leis an traidisiún amhránaíochta agus gnéithe eile den gcultúr dúchais béil i nGaeltacht Chonamara".

Is ag 6 a chlog tráthnóna Dé Céadaoin an 28 Feabhra a chuirfear tús leis na ceardlanna sean-nóis. Is i seomra seimineáir Ionad Léann na hÉireann ar Bhóthar na Drioglainne i nGaillimh a bheas siad ar siúl.

Le haghaidh cách agus an duine mar chách na ceardlanna agus chuige sin tá siad á reáchtáil saor in aisce.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, Ollscoil na Gaillimhe, a mhaoiníonn an fiontar cónaitheach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ