skip to main content

Deireadh leis an bhfeachtas leis an soithíoch a thabhairt slán

An Naomh Éanna an mhí seo caite sular scriosadh í.
An Naomh Éanna an mhí seo caite sular scriosadh í.

Tá deireadh tagtha leis an bhfeachtas leis an tsean-long farantóireachta An Naomh Éanna a thabhairt slán óna scriosadh.

Chaith an soithíoch 30 bliain ag treabhadh na dtonn idir Cathair na Gaillimhe agus 3 oileán Árann.

Tá an bád briste ina píosaí anois i mBaile Átha Cliath ach táthar ag súil go dtabharfar tosach an bháid siar arís go Gaillimh.

Ar Dhug na Life i 1956 a tógadh an Naomh Éanna agus d'iompar sí daoine agus lastas ón am sin isteach agus amach as Árainn go dtí lár na 80í.

Bhí sí ar ancaire i nDug na Canálach Móire san ardchathair ó 1989.

Ina dhiaidh sin bhí sí faoi úinéireacht NAMA go dtí gur cheannaigh an fear gnó Sam Field-Corbett í.

Bhí feachtas ó shin ann leis an mbád a thabhairt ar ais go dugannaí na Gaillimhe.

Bhí an fear gnó ag iarraidh go ndéanfaí ceardlann nó óstán ar bord ach níor ghlac Fáilte Éireann ná Comhairle Chathair na Gaillimhe leis na moltaí.

Tá sé deimhnithe ag an Máistir Cuain i gCalafort na Gaillimhe go mbeidh tosach an bháid le tabhairt ansiúd as seo go ceann coicíse.

Déanfar athchoiriú ar an bpíosa sin den soithíoch agus beidh suíomh le n-aimsiú ansin a deir sé go mbeidh daoine in ann a ghabháil chomh fada léi.

Ceaptar go bhfuil sé i gceist simléar an Naomh Éanna a thabhairt go hInis Oirr.

Deir Sam Field-Corbett le Seomra na Nuachta inniu gur mór an trua é go bhfuil sí ina píosaí anois agus gur cheart di a bheith istigh ag snámh le taobh dhuganna na Gaillimhe.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag 1900.