skip to main content

Michael Fitzmaurice anois i dteannta Richard O'Donoghue agus Michael Collins sa bpáirtí nua "Independent Ireland"

An Teachta Neamhspleách Michael Fitzmaurice
An Teachta Neamhspleách Michael Fitzmaurice

Tá an Teachta Dála Neamhspleách as toghcheantar Ros Comáin-Gaillimh Michael Fitzmaurice tar éis fógairt go bhfuil sé anois leis an bpáirtí nua-bhunaithe "Independent Ireland".

Cláraíodh an páirtí mí na Samhna seo caite tar éis dó a bheith saolaithe ag beirt Theachtaí a bhíodh sa nGrúpa Neamhspleách Tuaithe sa Dáil - Richard O'Donoghue as toghcheantar Chontae Luimnigh agus Michael Collins as Corcaigh Thiar Theas.

Michael Collins, TD

Bunaíodh 'Independent Ireland’ a deir siad ar mhaithe leis an "lear mór daoine a bhfuil a ndóthain faighte acu de pholasaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael, ach a bhfuil amhras fós orthu faoi Shinn Féin".

Richard O'Donoghue, TD

Bhí sé ráite roimhe seo ag an Teachta Fitzmaurice go raibh rún aige páirtí a bhunú le seasamh ar son "mhuintir na tuaithe"; é sin nó éirí as an bpolaitíocht ar fad a dúirt sé.

Deir sé tráthnóna go bhfuil ‘Independent Ireland’ i mbun comhráite le comhairleoirí áitiúla agus le daoine eile ar fud na tíre a mbeadh spéis acu seasamh sna toghcháin áitiúla agus toghcháin Eorpacha mí an Mheithimh.

"Tá muid ag iarraidh rogha a bheith ann, gan brath ar na páirtithe seanbhunaithe, ach páirtí a bheith ann a bheadh in ann tabhairt faoi rialtas" a deir Michael Fitzmaurice "agus tá muid i mbun cainte faoi láthair le 20 nó 25 comhairleoir tofa".

Deir sé freisin go mbeadh fáilte roimh aon nduine a bhfuil suíochán Dála acu cheana féin seasamh ar son an pháirtí nua.