skip to main content

Rún ag Gardaí bean a cheistiú faoi bhás Matthew Healy - buachaill 6 bliana - i Ráth Mhaoláin Dé hAoine seo caite

D'imir Matthew le foireann faoi-7 chumann sacair Park Rangers.
D'imir Matthew le foireann faoi-7 chumann sacair Park Rangers.

Tá súil ag na Gardaí bean a cheistiú inniu nó as seo go ceann cúpla lá faoi bhás Matthew Healy - buachaill 6 bliana d'aois - i Ráth Mhaoláin i gCo Phort Láirge Dé hAoine seo caite.

Gabhadh an bhean ag an láthair ach níor cuireadh faoi agallamh foirmeálta fós í.

Tá an bhean faoi chóir leighis ó gabhadh í.

Creidtear go mbeidh sé ar chumas na mná cuidiú le fiosrúchán na nGardaí fós inniu, nó as seo go ceann roinnt laethanta.

Fritheadh an gasúr i gcarr go gairid tar éis meánoíche Dé hAoine.

Chuir meitheal éigeandála cóir leighis air ag an láthair agus tugadh ansin in otharcharr é chuig Ospidéal na hOllscoile Port Láirge. Ansiúd a bhásaigh sé moch maidin Dé Sathairn.

Gabhadh an bhean atá tuairim is 35 bliain d’aois ag Uamha an Róin, ar an gcósta gar de láthair na tubaiste, 10 míle as Cathair Phort Láirge.

I mBaile Gunnair a bhí cónaí ar Matthew agus bhí sé sna Naíonáin Mhóra i Scoil Náisiúnta Fáithling.

Tá Paiteolaí an Stáit an Dr SallyAnne Collis tar éis scrúdú iarbháis a dhéanamh ar a chorp ach níl na torthaí sin ná an t-údar a bhí le bás an pháiste á thabhairt le fios fós ag na Gardaí.

Tá socruithe na sochraide á ndéanamh faoi láthair i gCnocán na Biolraí i gCo Chorcaí, áit dhúchais a athar James Healy.

I ráiteas thar ceann an athar, glactar buíochas le daoine faoi na bigilí a bhí ann i gcuimhne ar Matthew ag an deireadh seachtaine agus iarrtar ar dhaoine meas a bheith acu ar phríobháideachas an teaghlaigh.