Maraíodh thart ar 70 duine i Rafah i nGaza thar oíche le linn ruathar ón aer ag Aerfhórsa Iosrael agus ruathar ar an talamh ag fórsaí speisialta Arm Iosrael le beirt a bhí coinnithe ina ngialla a scaoileadh saor.
Deir an tArm gur éirigh le ruathar comhordaithe a rinne saighdiúirí agus fórsaí slándála Shin Bet chomh maith le Aonad Speisialta Póilíneachta Rafah an bheirt a thabhairt slán – Fernando Simon Marman atá 60 bliain d'aois agus Louis Har atá 70. Saoránaigh de chuid Iosrael agus de chuid na hAirgintíne iad an bheirt.
D’fhuadaigh Hamas na fir as kibbutz Nir Yitzhak an 7ú Deireadh Fómhair.

Bhí eitleáin, longa cogaidh, tancanna agus fórsaí talún i gceist in ionsaí na hoíche aréir. Deir daoine san áit gur buaileadh tithe agus dhá mhosc. Tá Hamas tar éis ráiteas a eisiúint ag rá gur "ag leanacht le cinedhíothú" atá Iosreal.
Deir an tArm go raibh na gialla á gcoinneáil ar an dara urlár d’fhoirgneamh i gcathair Rafah agus gur phléasc na saighdiúirí poll sa bhfoirgneamh. Tháinig na fórsaí fuascailte faoi ionsaí ó lucht troda Hamas sna foirgnimh in aice láimhe a dúirt an Leifteanantchoirnéal Richard Hecht, urlabhraí Arm Iosrael, ach tugadh na gialla slán agus tá siad ag teacht chucu féin anois in Ospidéal Ginearálta Sheba in Iosrael.
Dúirt Idan Bejerano atá pósta le iníon le Louis Har go raibh "caoineadh agus barróga go leor" san ospidéal. "Tá an t-ádh orainne a dúirt sé, ach ní bheidh an obair críochnaithe go mbeidh na gialla go léir sa mbaile."

Tá Hamas i mbun idirbheartaíocht le mí anuas tuairiscítear le sos sealadach sa gcogaíocht a bhaint amach ina bhféadfaí gialla a mhalartú le príosúnaigh atá i ngéibheann ag Iosrael, ach tá an Príomhaire Benjamin Netanyahu tar éis geallúint arís ó inné go bhfuil mór-ionsaí ar Rafah ar na bacáin.
Meastar go bhfuil tuairim is milliún go leith Palaistíneach sáinnithe sa gcathair agus tá an-imní ar áisíneachtaí idirnáisiúnta gur oll-tubaiste daonnachta an toradh a bheidh ar fheachtas Iosrael.