skip to main content

Na céadta i láthair ar shochraid an iarThaoisigh,John Bruton

Sochraid Stáit don iarThaoiseach John Bruton
Sochraid Stáit don iarThaoiseach John Bruton

Fear ionraic, macánta a raibh iliomad bua aige an cur síos a rinne an tAthair Bruce Bradley ar an iarThaoiseach John Bruton ag aifreann a shochraide i gCo na Mí ar maidin.

Bhí na céadta i láthair ag an tsochraid Stáit i Séipéal Pheadair agus Phóil i nDún Búinne.

Ina measc bhí an tUachtarán Michael D Higgins, An Taoiseach Leo Varadkar, chomh maith leis na hiarthaoisigh Enda Kenny, Brian Cowen agus Bertie Ahern.

Slua mór ar an láthair

I láthair freisin bhí An Tánaiste Micheál Martin agus Eamon Ryan, Ceannaire An Chomhaontais Ghlais.

Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill, Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly i measc na bpolaiteoirí a bhí ag aifreann na sochraide.

An Taoiseach ag labhairt ag uaigh John Bruton

Bhí 180 comhalta d'Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanas na sochraide.

Ba fear cróga, tiomanta é John Bruton agus ba mhinic leis an iarThaoiseach ceannaireacht den chéad scoth a léiriú nuair is mó a bhí gá leis a dúirt an tAthair Bruce Bradley ina sheanmóir.

Tá ómós tugtha sa bhaile agus i gcéin do John Bruton a bhí ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997.

Ceannaire Fhine Gael a bhí ann idir 1990 agus 2001.

Roimhe sin, chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais idir 1981-1982 agus idir 1986-1987, agus bhí sé ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1983 agus 1986.

Baintreach John Bruton,Finola

Toghadh chun na Dála den chéad uair é i ndáilcheantar na Mí i 1969.

Bhásaigh John Bruton in Ospidéal Príobháideach an Mater, Dé Máirt seo caite.

Bhí sé 76.

Maireann a bhean chéile Finola, a mhac Matthew, a iníonacha Juliana, Emily agus Mary-Elizabeth agus clann a chlainne.