skip to main content

Duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean

FSS ag achainí ar thuismitheoirí a chinntiú go bhfaigheann a leanaí an vacsaín MMR
FSS ag achainí ar thuismitheoirí a chinntiú go bhfaigheann a leanaí an vacsaín MMR

Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean.

Tugadh le fios gur san ospidéal a bhásaigh an duine ach ní dúradh cén áit go baileach.

Is é seo an chéad chás bruitíní a taifeadadh sa Stát go dtí seo i mbliana.

Tá foireann speisialta leighis a bunaíodh le gairid ar fuireachas i bhfianaise bhás an duine agus táthar ag achainí ar dhaoine a bhfuil airíonna an ghalair orthu dul i gcomhairle dochtúra.

Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios arú inné gur dhóichí go mbeadh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu.

An Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, tá sé ráite aicise ó shin go bhfuil an-imní uirthi go mbeidh ráig bhruitíní in Éirinn gan mhoill.

Dhearbhaigh sí nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95% den phobal ar a laghad le ráig a chosc.

Ar an drochuair, arsa an tOllamh Smyth, níl an vacsaín faighte ach ag thart ar 90% de leanaí ar bhonn náisiúnta le dhá bhliain agus tá an ráta chomh híseal le 80%, nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ