skip to main content

An t-iarThaoiseach, iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bháis

An t-iarThaoiseach John Bruton
An t-iarThaoiseach John Bruton

Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bháis in aois a shé bliana déag agus trí scór. Bhí sé tinn le tamall.

I ráiteas, thug teaghlach John Bruton le fios gur bhásaigh sé le hadhairt agus go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu, agus go raibh siad in éindí leis ag an am.

Dúradh sa ráiteas freisin gur céile maith, athair maith agus fíor-thírghráthóir a bhí ann.

I mBaile Átha Cliath ar an 18 Bealtaine 1947 a rugadh John Bruton.

Toghadh chun na Dála den chéad uair é i ndáilcheantar na Mí i 1969.

Chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais i gcomhrialtais idir 1981-1982 agus 1986-1987, agus bhí sé ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1982 agus 1986.

John Bruton ina Aire Airgeadais i 1982

Nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais, tharraing ceann dá chinntí conspóid mhór.

Chinn sé cáin bhreisluacha a ghearradh ar bhróga leanaí ach ghlac polaiteoirí eile col lena rún.

Vótáil an Teachta Dála Neamhspleách Jim Kemmy in aghaidh bhuiséad John Bruton agus thit an comhrialtas as a chéile.

Bhuaigh Fianna Fáil an t-olltoghchán a reáchtáladh an mhí dar gcionn.

John Bruton (sa lár) ag Ardfheis Fhine Gael i mBaile Átha Cliath i 1986

Ceannaire Fhine Gael a bhí in John Bruton idir 1990 agus 2001.

Bhí sé ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997, tráth a bhí sé i gceannas comhrialtais trí pháirtí – Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Daonlathas Clé.

Atoghadh chun na Dála é i mBealtaine 2002 agus d'éirigh sé as i nDeireadh Fómhair 2004 nuair a ceapadh é mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh sna Stáit Aontaithe.

I ráiteas, dúirt an Taoiseach agus ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar gur méala mór bás John Bruton dó go pearsanta.

Ba é eiseamláir John Bruton ceann de na fáthanna a chuaigh sé isteach i bhFine Gael ar an gcéad ásc, arsa Leo Varadkar.

Thug sé le fios freisin gur chabhraigh an t-iarThaoiseach leis sa mhargáil a bhí le déanamh nuair a bhí an Comhrialtas á bhunú agus nuair a bhí an Bhreatain ag imeacht as an Aontas Eorpach.

John Bruton agus an Taoiseach Leo Varadkar ag sochraid an iarAire Airgeadais Riche Ryan in 2019

Dúirt iar-chomhghleacaí John Bruton agus iarcheannaire eile Fhine Gael Alan Dukes gur dhuine é John Bruton a mbíodh smaointe maithe aige i gcónaí agus dúirt go raibh an-rath air mar pholaiteoir.

Tá comhbhrón déanta ag daoine éagsúla le teaghlach John Bruton agus tá ómós tugtha dó ag polaiteorí ó pháirtithe éagsúla, lena n-áirítear ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, gan trácht ar na daoine ar fad a d'oibrigh leis i gcaitheamh na mblianta.

John Bruton ag Binse Fiosrúcháin Moriarty in 2004

Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins i gcomhrialtas le John Bruton agus mhol sé an t-iarThaoiseach as an tsuim mhór a bhí aige, arsa sé, i ngnóthaí poiblí agus i seirbhís phoiblí.

Luaigh sé, mar Uachtarán na hÉireann, chomh maith an pháirt shuntasach a bhí ag John Bruton sa phróiseas síochána sa Tuaisceart sna 1990í.

Maireann bean chéile John Bruton, Finola; a mhac Matthew; a iníonacha Juliana, Emily agus Mary-Elizabeth; agus clann a chlainne.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ