skip to main content

'Gach seans go mbeidh ráig bhruitíní ann' – Aire Sláinte

'Dealraíonn sé go mbeidh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu'
'Dealraíonn sé go mbeidh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu'

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly gur dóichí go mbeidh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu.

Measúnú ar an mbruitíneach in Éirinn a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an mhí seo caite, is é is údar le rá an Aire.

Tá líon na gcásanna den bhruitíneach ag méadú faoi láthair i mballstáit an Aontais Eorpaigh agus i Sasana.

Bhí ceithre chás den ghalar sa Stát seo anuraidh a raibh baint acu le taisteal thar lear.

Is é an vacsaín MMR an t-aon chosaint ar an mbruitíneach ach níl an oiread leanaí in Éirinn á fháil anois agus a bhíodh.

Le dhá bhliain tá an vacsaín faighte ag níos lú ná 90% de leanaí sa Stát nuair is 95% an céatadán bliantúil atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

De réir staidéir a rinne an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte le gairid, níl aon chosaint ar an mbruitíneach ag 11% de dhaoine fásta idir 18-34 bliain, agus tá an céatadán chomh hard le 18% i measc fir óga idir 18-19 bliain.

Meastar nach bhfuair na daoine sin an vacsaín MMR nuair a bhí siad ina leanaí mar gheall ar scéal mícheart a bhí á chraobhscaoileadh ag an am go bhféadfadh baint a bheith ag an vacsaín le huathachas.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag breathnú faoi láthair ar acmhainn agus ar chumas chóras sláinte an Stáit dul i ngleic le ráig bhruitíní ar bhonn réigiúnach.

Ina cheann sin, táthar ag cuimhneamh ar an vacsaín a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuair é nuair a bhí siad ina leanaí, go háirithe daoine atá ina ndaltaí Ardteistiméireachta agus ina scoláirí tríú leibhéal anois.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ