Tá fáilte curtha ag an Taoiseach, Leo Varadkar roimh cheapacháin Mhichelle O'Neill agus Emma Little-Pengelly mar Chéad Aire agus LeasChéad-Aire ar Fheidhmeannas an Tuaiscirt.
Deir seisean gur dóigh leis go mairfidh na forais pholaitiúla.
Bíodh is gur údar bróid agus ceiliúrtha do náisiúnaithe ceapachán stairiúil Mhichelle O'Neill mar Chéad Aire, bhí Emma Little-Pengelly tapa go maith ag meabhrú ina haitheasc go raibh an stádas céanna ag an dá phríomhaireacht sa bhfeidhmeannas.
Maidir leis na ceapacháin eile do Fheidhmeannas Stormont fanann ceannaire an Alliance, Naomi Long mar Aire Dlí is Cirt.
Fanann Robin Swann ó Pháirtí Aontachtach Uladh san Aireacht Sláinte.
Seo a leanas na feisirí tionóil atá i bhfeidhil na n-aireachtaí eile.
Géilleagar: Conor Murphy, Sinn Fein
Oideachas: Paul Givan, DUP
Airgeadas: Caoimhe Archibald, Sinn Fein
Pobal: Gordon Lyons, DUP
Bonneagar:John O'Dowd, Sinn Fein
Is iad an SDLP príomhpháirtí an fhreasúra anois sa Tionól.