Deir Coimisiún na Meán go seasann siad i bpáirt le gearán a rinneadh faoin gclár Iniúchadh TG4: An Craoslach a craoladh ar TG4 ar an 8 Feabhra 2023.
Clár faisnéise ab ea é faoin bpléasc a bhí i stáisiún breosla sa Chraoslach i gCo Dhún na nGall i mí Dheireadh Fómhair 2022 ar maraíodh deichniúr dá bharr.
Sa fhreagra a thug Coimisiún na Meán ar an ngearán, dúirt siad go raibh siad den tuairim go bhféadfaí an crá a bhí mar thoradh ar an gcraoladh a sheachaint dá dtabharfadh TG4 aird ar leith ar na teaghlaigh a d'fhulaing de bharr na tragóide agus dá rachadh an stáisiún i gcomhairle leis na teaghlaigh sular craoladh an clár.
Dhearbhaigh Coimisiún na Meán go raibh an tAcht Craolacháin 2009 sáraithe ag an gclár sa mhéid sin.
Dar leis an gCoimisiún freisin nár léirigh a ndearna TG4 go leor cúraim agus ábhar cláir á chraoladh ag an stáisiún a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le crá, go háirithe ó craoladh an clár thart ar cheithre mhí tar éis na pléisce agus sula raibh imscrúdú an Gharda Síochána curtha i gcrích.
Sháraigh an craoladh Cóid agus Caighdeáin Údarás Craolacháin na hÉireann sa mhéid sin, a dúradh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ