skip to main content

DUP le filleadh ar Stormont faoi réir reachtaíochta úir

Ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson
Ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson

Tá sé deimhnithe ag ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson go bhfillfidh an páirtí sin ar Stormont gan a thuilleadh moille ach reachtaíocht úr atá geallta ag Rialtas na Breataine maidir le cúrsaí trádála a thabhairt isteach.

Meastar go bhféadfaí forais Stormont a athbhunú an deireadh seachtaine beag seo i bhfianaise chinneadh an DUP.

Tharraing an DUP amach as Stormont dhá bhliain ó shin mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála.

Tá Tionól, Feidhmeannas agus forais eile Stormont ar fionraí ó shin cé go ndearnadh neart iarrachtaí idir dhá linn iad a bhunú an athuair.

Dúirt Jeffrey Donaldson ar maidin inniu gur chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire an chloig aréir.

Go deimhin, ní go dtí tráthanna beaga na maidine a dearbhaíodh an cinneadh.

Thug Jeffrey Donaldson le fios go raibh coiste feidhmiúcháin an DUP sásta go raibh aghaidh tugtha ag Rialtas na Breataine ar na ceisteanna a bhí ag déanamh buartha don pháirtí agus dá lucht tacaíochta.

"Tá áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe sábháilte de bharr a bhfuil geallta ag Rialtas na Breataine", arsa sé.

Earraí ón mBreatain á seiceáil i gCalafort Latharna

Cnámh spairne roimhe seo ab ea na socruithe atá ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.

Dúirt Jeffrey Donaldson inniu go raibh an cheist sin réitithe anois ó gheall Rialtas na Breataine deireadh a chur le seiceálacha custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt.

Meastar go bhfoilseofar amárach na gealltanais ar fad atá tugtha ag Rialtas na Breataine don DUP.

Tá Sinn Féin, Páirtí na Comhghuaillíochta agus Páirtí Aontachtach Uladh le cruinniú a bheith acu leis an DUP tráthnóna le athbhunú fhorais Stormont a phlé.

Tuairimítear go bhféadfadh feisirí an Tionóil teacht le chéile Dé Sathairn seo chugainn le Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a thoghadh.

Is dóichí gurbh í Michelle O'Neill ó Shinn Féin a cheapfaí ina Céad-Aire.

Tá fáilte curtha ag an Taoiseach Leo Varadkar roimh chinneadh an DUP filleadh ar Stormont.

Maidir leis na gealltanais atá tugtha ag Rialtas na Breataine don pháirtí sin, thug an Taoiseach le fios gur ghlac sé leis nach dtiocfadh aon cheann acu salach ar shocruithe atá ann cheana féin, Comhaontú Aoine an Chéasta san áireamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ