Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag moladh go tréan do thuismitheoirí a chinntiú go bhfuil an vacsaín don bhruitíneach faighte ag a gcuid páistí agus "ardú suntasach" tagtha ar chásanna den tinneas in áiteanna sa Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-roinn na hEorpa.
Tá cosaint freisin i vacsaín an MMR in aghaidh na leicní agus rubella (an bhruitíneach dhearg).
Scaipeann an víreas go scafánta i measc daoine gan an vacsaín a deir an Dr Lucy Jessop - an Stiúrthóir ar an Oifig Náisiúnta Imdhíonadh - agus is mór an chontúirt é an bhruitíneach go háirithe a deir sí do pháistí beaga agus do dhaoine nach bhfuil an tsláinte go maith acu.
"Tá vacsaín an MMR fíor-thábhachtach" a deir an Dr Jessop "mar go bhfuil baol ann dá oireasa go mbeadh duine buailte ag meiningíteas, ag bodhaire nó ag fadhbanna toirchis."
"Fiú má chaill do pháiste an deis ar vacsaín agus iad níos óige, níl sé ró-dheirneach fós é a fháil" a deir sí.
Idir an dá linn tá an dochtúir teaghlaigh Ilona Duffy tar éis a rá go bhfuil imní anois ann mar nach bhfuil líon a dhóthain den daonra tar éis an vacsaín a ghlacadh.
"Ní mór do 95% den phobal an chosaint a fháil le sláinte an daonra go léir a chinntiú" a deir an Dr Duffy "ach faoi láthair tá an líon níos lú ná 90%."
I measc na gcúiseanna leis sin a deir an dochtúir tá an lear daoine atá ag teacht isteach sa tír nach nglacann leis an tairbhe a bhaineann le vacsaíniú.
"Léiríonn taighde i Meiriceá" a deir an dochtúir "go mbeidh ar duine as gach cúigear a tholgaíonn an bhruitíneach a ghabháil faoi chúram ospidéil.
"Beidh duine as gach míle buailte ag at san inchinn, galar ar a dtugtar einceafalaíteas agus atá an-chontúirteach. Meastar go bhfaigheann idir duine amháin agus triúr as gach míle cás den bhruitíneach sna Stáit Aontaithe bás dá bharr, figiúr an-ard."
I measc na gcomharthaí sóirt don bhruitíneach tá fiabhras, casacht, srón ag sileadh agus scól ar leith ar an gcraiceann.