Cáintear nósanna cuntasaíochta RTÉ i dtuarascáil a foilsíodh inniu maidir leis an gceoldráma Toy Show The Musical.
Deirtear san athbhreithniú a rinne comhairleoirí Grant Thornton ar an scéal nach raibh an chaoi a ndearna RTÉ taifead ar chuid den airgead urraíochta a gnóthaíodh ar son an léiriúcháin, nach raibh sé ag teacht le gnáthnósanna cuntasaíochta.
Dearbhaítear san athbhreithniú gur suim €75,000 a bhí i gceist.
Deirtear nach féidir an chaoi a ndearnadh taifead ar an tsuim sin a chosaint go hoibiachtúil mar go ndearnadh áibhéil dá bharr ar an méid urraíochta a bhí faighte ag an léiriúchán.
Ina dhiaidh sin féin, deirtear nár chaill RTÉ ná nár ghnóthaigh RTÉ aon airgead mar gheall ar an gcuntasaíocht neamhghnách.
De réir a bhfuair Grant Thornton amach, tugadh le fios do Bhord RTÉ i mí Feabhra 2023 go raibh an ceoldráma le suim urraíochta €120,000 a fháil, ach go ndúradh leis an mbord cúig mhí ina dhiaidh sin nach mbeadh ann tar éis an tsaoil ach €45,000.
Níor taifeadadh de réir gnáis an t-easnamh €75,000, áfach, dar le Grant Thornton.
I gceann an mhéid sin, deirtear sa tuarascáil nár áiríodh sna costais a bhain leis an gceoldráma suim €69,628.
Fágann sé sin gur €2,272,859 san iomlán a chaill RTÉ mar gheall ar an gceoldráma nach raibh mórán ratha air.
Tugtar le fios sa tuarascáil leis nach raibh Dee Forbes, arbh í Príomh-Stiúrthóir RTÉ í le linn na n-imeachtaí seo ar fad, nach raibh sí in ann páirt a ghlacadh san athbhreithniú ar chúiseanna leighis.
Mar sin féin, a deir Grant Thornton, cuireadh dréacht den athbhreithniú chuig aturnae Dee Forbes le go mbeadh deis aici ráiteas a dhéanamh dá bhféadfadh sí.
Mar le feidhmeannaigh eile RTÉ a bhí bainteach leis an scéal, deir Grant Thornton gur labhair gach duine díobh leo agus an t-athbhreithniú idir lámha acu.
Mar a tuairiscíodh inné, deirtear san athbhreithniú freisin nach bhfuil aon taifead scríofa ann ar a ndúirt Bord RTÉ, má dúirt, maidir le cead a thabhairt Toy Show The Musical a léiriú.
I ráiteas, dúirt cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh gur ghlac an bord leis go raibh "easnaimh thromchúiseacha" sa phróiseas agus ghabh sí pardún leis an bpobal agus le foireann RTÉ as an neamart.
Is suaithní ón tuarascáil nár cuireadh gach scéala chuig an mbord, mar ba chóir, agus an fiontar á fhorbairt, arsa sí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ