Tá an Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta athnuaite agus nuashonraithe den tríú huair ó 2002 i bhfianaise fiadhúlra na tíre a bheith ag meath go tréan i gcónaí.
Sa cheathrú hiarracht seo, murab ionann agus na trí iarracht roimhe, tá bonn reachtaíochta faoin bplean gníomhaíochta nuashonraithe.
Ar a mhuin sin, tá maoiniú úr geallta – barr ar €3 bhilliún go deimhin – le fonn limistéir shainchosanta a chosaint níos fearr agus le súil fiontair áitiúla fiadhúlra a spreagadh, gan bearta eile nach iad a bhac.
Más maith is mithid, ámh, agus gnáthóga bláthanna agus luibheanna dúchasacha á scriosadh go seasta – na dumhcha, na heanaigh, na léanta, na móinéir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin díobh.
É sin ar fad gan trácht ar an meath atá ar na coillte, na cladaí, na haibhneacha agus na lochanna, agus ar na héin, na héisc, na sliogéisc agus na plandaí atá beo orthu.

Deirtear sa phlean go deimhin go bhfuil drochbhail ar 85% de ghnáthóga sainchosanta an Stáit agus go bhfuil 46% díobh ag meath d'acht is d'áirithe.
Modhanna míchóiriúla feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mó, a deirtear – iníor ar bhonn tionsclaíoch, bánú talaimh agus truailliú uisce, cuiream i gcás.

Is faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2023 a foilsíodh an plean úr agus tá dualgais nua ar gach aon fhoras poiblí sa Stát gníomhú dá réir, lena n-áirítear Bord Iascaigh Mhara, Bord na Móna agus na húdaráis áitiúla.
Beidh ar gach údarás áitiúil plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh.
Ina cheann sin, saineofar tuilleadh páirceanna náisiúnta agus cuirfear leis na sainlimistéir chosanta atá ann cheana féin.
Cuirfear acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí – leithéidí fiagaithe gan cheadúnas, lucht brocaireachta agus dumpálaithe.

Gealltar freisin roinnt de na moltaí a rinne an Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht anuraidh a chur i gcion.
Deirtear go deimhin go bhféadfaí reifreann a ghairm le bonn bunreachtúil a chur faoi chearta fiadhúlra.
Ina theannta sin ar fad, cuirfear airgead ar fáil do phobail áitiúla le pleananna bithéagsúlachta ina gceantair féin a chur i bhfeidhm.
Agus an plean gníomhaíochta nuashonraithe á sheoladh aige, dúirt an tAire Stáit Malcolm Noonan ón gComhaontas Glas go gcreideann sé gur féidir an fiadhúlra a athchothú agus a chaomhnú i bhfad na haimsire, ach lig sé lena ais mar sin féin go bhfuil sí i ndroch-chaoi.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ