skip to main content

'Mór an náire airgead poiblí a bheith caite ar Kneecap'

Kneecap ag Féile Scannán Sundance in Utah an tseachtain seo caite
Kneecap ag Féile Scannán Sundance in Utah an tseachtain seo caite

Tá sé ráite ag fear ar maraíodh a athair i mbuamáil Inis Ceithleann i 1987 gur mór an náire gur caitheadh airgead poiblí ar an scannán dátheangach Kneecap.

De réir tuairisce ar nuachtán an Belfast Telegraph, thug Stephen Gault le fios gur chuir sé samhnas air gur tugadh £1.6 d'airgead poiblí do lucht an scannáin, agus dúirt gur tarcaisne é i gceann na héagóra a rinneadh ar dhaoine ar mharaigh sceimhlitheoirí iad agus ar a muintreacha.

Bhí Stephen Gault ina sheasamh in aice lena athair, Samuel, nuair a phléasc buama a bhí fágtha ag an IRA ag an gcloch chuimhneacháin in Inis Ceithleann ar an 8 Samhain 1987.

Chomh maith le Samuel Gault, maraíodh deichniúr eile agus gortaíodh 63 duine de bharr na buamála.

Tuairiscítear gur thug Institiúid Scannán na Breataine £810,000 do léiritheoirí Kneecap agus gur thug Fís Thuaisceart Éireann £810,000 eile dóibh leis an scannán a dhéanamh.

Scéal an ghrúpa rapcheoil as Béal Feirste Kneecap atá sa scannán a bhfuil idir Ghaeilge agus Bhéarla ann.

Mar le hainm an ghrúpa, is tagairt é don nós brúidiúil a bhí ag an IRA ógánaigh ón bpobal náisiúnach a lámhach sna pláitíní glúine agus cithréim lena saol a fhágáil orthu.

Pionós ainrianta a bhí ann a ghearrtaí ar dhaoine óga faoi iompar frithshóisialta nó faoi bhearta eile nár thaitin leis an IRA.

Múrmhaisiú poiblíochta Kneecap, Sráid na Sceiche Gile, Béal Feirste

Triúr óghfear atá sa ghrúpa – Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí – agus baineann siad feidhm as iarmhanaí gríosaitheacha an IRA mar chuid dá bhfeachtas poiblíochta.

Mar sin féin, deir siad nach scéal "gunnaí, buamaí agus bás" atá sa scannán. Léargas ar chultúr na n-óg atá ann, ar siad.

Chomh maith le hInstitiúid Scannán na Breataine agus Fís Thuaisceart Éireann, tuigtear go bhfuair lucht déanta an scannáin maoiniú ó roinnt foras eile – an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus TG4 ina measc.

Bhí an-ghlacadh le Kneecap ag a chéad taibhiú ag Féile Scannán Sundance in Utah sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ