Deir na Gardaí go leanfaidh siad den fhiosrúchán atá ar bun acu faoi dhúnmharu Sophie Toscan Du Plantier in iarthar Chorcaí ainneoin bhás Ian Bailey.
Ba é Ian Bailey an té ba mó a bhí faoi amhras as an dúnmharú. Fuair sé bás inné i mBeanntraí in iarthar Chorcaí.
Tuigtear gur thit sé as a sheasamh timpeall am lóin inné ar Shráid na Beairice ar an mbaile. Siúd is gur tháinig lucht leighis i gcabhair air, bhásaigh sé ar an mball. Bhí sé 66 bliain d'aois.
Léiritheoir scannán de bhunadh na Fraince ab ea Sophie Toscan Du Plantier ar thángthas ar a corp taobh amuigh dá teach sa Scoil in iarthar Chorcaí ar an 23 Nollag 1996. Léirigh scrúdú iarbháis gurbh amhlaidh a bascadh go dona í. Bhí sé 39 bliain d'aois.
Mhaígh Ian Bailey riamh nach raibh aon bhaint aige leis an dúnmharú.
Ghabh na Gardaí é faoi dhó faoi dhúnmharú Sophie Toscan Du Plantier ach bheartaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an dá uair gan an dlí a chur air.
I gcúirt sa Fhrainc in 2019, ciontaíodh Ian Bailey in absentia sa dúnmharú agus gearradh téarma príosúin 25 bliain air.
Nior ghlac Ian Bailey ná a dhlíodóirí aon pháirt sa triail sin agus rinne siad neamhshuim den phróiseas.
An bhliain dar gcionn, dhiúltaigh an Chúirt Uachtarach in Éirinn d'iarratas na Fraince Ian Bailey a eiseachadadh chun na tíre sin agus ní raibh aon chor eile sa chás ó shin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ