skip to main content

Iaráin, Pacastáin in árach a chéile, Balúitsigh sa bhearna bhaoil

Mar a tuairiscíodh an choimhlint ar nuachtán Béarla sa Phacastáin
Mar a tuairiscíodh an choimhlint ar nuachtán Béarla sa Phacastáin

Tuairiscítear gur maraíodh naonúr nuair a scaoil fórsaí míleata na Pacastáine dróin agus roicéid thar teorainn le hionaid in oirdheisceart na hIaráine inniu.

Dar leis na húdárais san Iaráin gur bhuail airtléire na bPacastánach sráidbháile i gceantar na mBalúitseach agus go raibh ceathrar leanaí i measc an naonúir a maraíodh.

Tá críocha stairiúla na mBalúitseach roinnte idir an Iaráin, an Phacastáin agus an Afganastáin ach tá ceannaircigh Bhalúitseacha ag cur in aghaidh na dtrí stát sin le blianta fada le dúil náisiún neamhspleách dá gcuid féin a bhunú.

Teanga Ind-Eorpach (Ind-Iaránach) atá sa Bhalúitsis a labhraíonn os cionn 8 milliún duine sa mhór-réigiún sin.

Ach oiread le coimhlintí stairiúla ar fud an domhain, scéal casta atá ann agus mar leis an bprionsabal 'is é namhaid mo namhad mo chara', baineann sé go mór le hábhar sa chás seo.

Mar atá an scéal, creidtear go dtacaíonn an Iaráin le reibiliúnaithe Balúitseacha atá ag troid in aghaidh na Pacastáine agus go dtacaíonn an Phacastáin le reibiliúnaithe Balúitseacha eile atá ag troid in aghaidh na hIaráine.

Maíonn na Pacastánaigh go deimhin gur ar náisiúnaithe Balúitseacha atá bunaithe san Iaráin a bhí a gcuid airtléire dírithe inniu.

Lathair an ionsaithe san Iaráin inniu (Pic: Teilifís Stáit na hIaráine)

Dealraíonn sé gur i ndíol an ionsaithe a rinne fórsaí na hIaráine ar ionaid sa Phacastáin arú inné a thug na Pacastánaigh ruathar faoin sráidbhaile san Iaráin inniu.

Dar leis na húdaráis sa Phacastáin gur maraíodh beirt leanaí agus gur gortaíodh sibhialtaigh eile mar gheall ar ionsaí úd na nIaránach.

Maíonn na hIaránaigh, áfach, gur ar cheannaircigh Bhalúitseacha atá bunaithe sa Phacastáin a bhí an t-ionsaí dírithe.

Moslamaigh Shunnaíocha atá sna Balúitsigh den chuid is mó agus is ar bhonn creidimh – chomh maith le bonn polaitiúil – a chuireann siad in aghaidh stát Siach na hIaráine.

Mar leis na caismirtí idir na hIaránaigh agus na Pacastánaigh, níl sé soiléir fós cén chaoi a rachaidh sé i gcion ar an gcorraíl atá sa Mheánoirthear go ginearálta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ