skip to main content

Bua rábach ag Donald Trump i gcácas Iowa

Fáthadh gáire ar Donald Trump in Des Moines, Iowa agus fáth maith aige leis
Fáthadh gáire ar Donald Trump in Des Moines, Iowa agus fáth maith aige leis

Is bua rábach a bhí ag iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i gcácas an Pháirtí Phoblachtaigh i stát Iowa aréir, de réir a bhfuil á thuar ag lucht pobalbhreithe.

Beidh toghchán uachtaránachta sna Stáit Aonaithe mí na Samhna seo chugainn agus bhí baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin.

Agus 95% de na vótaí feicthe go neamhoifgiúil ag lucht coinneála scóir, meastar faoi láthair gur 51% de na vótaí a fuair Donald Trump.

Ina dhiaidh sin, meastar gur 21% de na vótaí a fuair Ron DeSantis; 19% a fuair Nikki Haley; agus thart ar 8% a fuair Vivek Ramaswamy.

D'fhógair Vivek Ramaswamy nach mbeadh sé ina iarrthóir sa chéad chácas eile i bhfianaise an toraidh in Iowa agus d'iarr sé ar a lucht tacaíochta vótáil ar son Donald Trump feasta.

Ní raibh bua chomh mór riamh ag aon iarrthóir Poblachtach i gcácas Iowa agus a bhí ag Donald Trump agus meastar go bhfuil sé go mór chun cinn ar na hiarrthóirí eile go náisiúnta freisin.

Fágann sin go bhfuil sé chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach – agus gach ní eile mar a chéile – gurb é Donald Trump a bheas mar iarrthóir ag na Poblachtaigh ar an 5 Samhain.

É sin ar fad ainneoin na gcásanna éagsúla dlí a bhfuil sé ag dul i ngleic leo, gan trácht ar an gconspóid a tharraingíonn beagnach gach ráiteas polaitiúil a dhéanann sé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ