skip to main content

Clann de bhunadh Gaza i mBearna ag bailiú airgid dá muintir thall

Tá Lora, Durgham agus Adam Mushtaha de bhunadh Gaza, ag cur fúthu i mBearna i gCo. na Gaillimhe
Tá Lora, Durgham agus Adam Mushtaha de bhunadh Gaza, ag cur fúthu i mBearna i gCo. na Gaillimhe

Tá clann as Bearna i gCo. na Gaillimhe ar de bhunadh na Palaistíne iad, i mbun feachtais le hairgead a bhailiú dá muintir atá sáinnithe i nGaza.

Maraíodh uncail agus col ceathracha le Lora, Durgham agus Adam Mushtaha i mbuamáil Iosrael ar Rafah i ndeisceart Gaza Lá Fhéile Stiofáin.

Nuair a thosaigh ionsaithe Iosrael i dtuaisceart Gaza i dtús na cogaíochta, scriosadh teach an teaghlaigh i gCathair Ghaza agus maraíodh go leor dá ngaolta.

Bhí ar an gcuid eile den chlann an chathair a fhágáil agus an dá scór ciliméadar a shiúl ó dheas go Rafah, ar ordú ó arm Iosrael.

Ach go gairid tar éis dóibh Rafah a bhaint amach, maraíodh a n-uncail agus a gcol ceathracha i mbuamáil eile de chuid Iosrael ar Lá Fhéile Stiofáin. Tá an chuid den chlann a tháing slán, fós i Rafah agus ag fulaingt le ganntanas bia agus uisce.

Chinn Lora agus a deartháireacha Durgham agus Adam Mushtaha, a tógadh i mBearna i gCo. na Gaillimhe, feachtas a eagrú ina siúlfaidís 400 ciliméadar mar chomhartha ómóis dóibh siúd atá ag teitheadh ón fhoréigean i nGaza.

Teach chlann Mushtaha i gCathair Gaza a scriosadh in ionsaithe arm Iosrael

I nGaillimh ar maidin chuaigh slua i mbun aclaíochta i sólann an Train Station le tacú le Lora Mushtaha agus a cuid deartháireacha Durgham agus Adam.

Tháinig Grace Kennedy go dtí'n seisiún aclaíochta le tacú le Lora. "Ní féidir linn ar fad a bheith ag an agóid ar shon Gaza i mBaile Átha Cliath inniu," a dúirt sí, "mar sin tá an pobal ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil siad ag tacú leis an Phalaistín agus leo siúd atá ag fulaingt i nGaza."

Tá leathanach Go Fund Me -’Walk for Gaza’ bunaithe ag an gclann le go mbeidh suim bheag airgid ag a muintir, a deir siad, nuair a bheas deireadh le ionradh Iosrael ar an Stráice.

Beidh tuairisc ag Sinéad Ní Neachtain ar an scéal seo ar Nuacht TG4 tráthóna ag a 18:40.