Tá na sluaite ag léirsiú i mBaile Átha Cliath le tacú le pobal na Palaistíne agus le go gcuirfí deireadh leis an chogaíocht idir Iosrael agus Hamas i nGaza.
Seo an tríú agóid déag i mBaile Átha Cliath ó bhí an 14 Deireadh Fómhair ann in aghaidh an scrios atá á dhéanamh ag Iosrael i nGaza ón uair a d'ionsaigh Hamas bailte in Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.
B’éigean mórshiúl a bhí eagraithe don 25 Samhain a chur ar ceal de bharr na gcíréibeacha i Sráid Uí Chonaill an tseachtain sin.
Rachaidh an mórshiúl ón Ghairdín Cuimhneacháin i gCearnóg Pharnell chomh fada leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar Fhaiche Stiabhna áit a labhróidh an lucht eagraithe leis an slua.
Is iad Feachtas Dlúthpháirtíochta na hÉireann leis an Phalaistín a d’eagraigh an mórshiúl mar chuid de lá agóidíochta domhanda le tacú leis an Phalaistín.
Tá tacaíocht ag an agóid ó thrí scór go leith eagraíocht phobail agus iad ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an chogaíocht i nGaza.
Ina measc tá páirtithe polaitiúla, ceardchumainn, agus grúpaí macléinn agus pobail as gach cearn den tír.
Beidh daoine i mbailte eile ag léirsiú chomh maith – ina measc Corcaigh, Inis, an Longfort, Cora Droma Rúisc agus Doire.
Sa Bhreatain, thug na mílte faoi shráideanna Londain le tacú leis an Phalaistín.
Rachaidh an slua chuig cearnóg na Parlaiminte in aice le Westminster.
Tá na céadta póilín curtha ar dualgas ar an agóid agus tá sé ráite ag an Rúnaí Baile James Cleverly go dtacóidh sé leis an póilíní an agóid "a bhainistiú agus a bheith dian ar aon choiriúlacht" le linn na léirsithe.