Deir na húdaráis sláinte i nGaza gur mharaigh arm Iosrael 60 duine ar a laghad sa stráice thar oíche.
Tuairiscíonn an áisíneacht nuachta AFP go ndearna arm Iosrael ionsaithe aeir ar dheisceart an stráice aréir - deir Iosrael gur scrios siadsan teilgeoirí roicéad a bhí "réidh le húsáid" i lár Gaza.
Tá an córas teileachumarsáide sa stráice as feidhm inniu - ar an 99ú lá de chogadh Iosrael ar Gaza ó mharaigh trodaithe de chuid Hamas 1,400 duine in Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.
Dúirt Paltel, an príomh chomhlacht a chuireann seirbhísí idirlín agus teileachumarsáide ar fáil sa stráice, gur de bharr bhuamáil an lae inné a chlis ar an chóras.
Dúirt Corrán Dearg na Palaistíne go bhfuil an cliseadh teileachumarsáide ag cruthú deacrachtaí móra do lucht fóirithinte dul chomh fada leo siúd atá gortaithe agus loite.
Deir Iosrael chomh maith gur mharaigh siad ceathrar "sceimhlitheoir" in ionsaithe aeir ar chathair Khan Younis, in aice le Rafah i ndeisceart Gaza.
Fágann ionsaithe na hoíche go bhfuil 23,843 duine maraithe anois de réir na dtaifid is déanaí atá eisithe ag aireacht sláinte Gaza.

Deir oifig dhaonnúil na Náisiúin Aontaithe OCHA go bhfuil Iosrael ag cur cosc isteach ar sholáthairtí fóirithinte go tuaisceart Gaza.
"Tá siad ag cosc orainn cúnamh le hospidéil," a dúirt Andrea De Domenico, ceannasaí na gcríocha Pailistíneacha san eagraíocht. "Tá siad á chosc orainn ar bhealach an-chórasach, tá a gcruálacht chomh dona sin go bhfuil sé dothuigthe," a dúirt sé.
Theip ar an phríomh ghineadóir in ospidéal Mhairtírigh Al-Aqsa i mbaile Deir el-Balah, i lár Gaza de bharr easpa breosla, a dúirt an Aireacht Sláinte.