Tá na milliúin duine sna Stáit Aontaithe i gconair na droch aimsire atá ag séideadh trasna an tuaiscirt agus an iarthuaiscirt faoi láthair.
B'éigean níos mó ná 7,600 eitilt a chur ar ceal de bharr síobadh sneachta agus gaotha láidre, ina measc ag aerfort O'Hare International i Chicago.
Chuir na h-iarrthóirí i dtoghchán na hUachtaránachta na bPoblachtánach a gcuid ócáidí bolscaireachta uilig ar ceal i Stát Iowa, is gan fágtha ach trí lá go gcaithfidh baill an pháirtí a vóta sa chácas.
Tá an tSeirbhís Náisiúnta Aimsire ag tuar go mbeidh luas suas le 96 ciliméadar san uair faoi stoirmeacha gaoithe agus sneachta idir Illinois agus Iowa.
Síltear go dtitfidh an teocht go dtí -18C agus tá na húdaráis ag cur fainice ar dhaoine fanacht sa bhaile ar eagla dó seaca nó hipiteirme.
Tá sé tuartha ag lucht na haimsire go mbeidh an teocht i Des Moines, príomhchathair Iowa, chomh h-íseal le -28C.